Diarmuid Breatnach

Cé go raibh cogadh ar siúl i réigiúin na Siria ó 2012 i leith, leagadh réimeas Assad tobann go leor. Thosaigh ionradh ó sheachfhórsaí na Tuirce i mí na Samhna, tháinig fórsaí Hay’at Tahrir al-Sham faoi Adhmed al-Julani in a dteannta agus faoin mí seo caite bhí Assad imithe agus an bua ag na fórsaí frithrialtais.

Tá iarcheannaire Al-Qaeda, al-Julani, anois ag úsáid an ainm a bhíodh air ar dtús, Ahmed Hussein al-Sharaa, ina cheannaire ar an tír uilig. Ghabh Stáit Aontaithe Mheiriceá é san Iaráic in 2006 ach scaoil siad saor é in 2011, go díreach agus an cogadh cathartha ag forbairt sa tSiria. Bhunaigh sé an Fronta Nusra ann le cabhair ó Al-Qaeda. In 2016 bhailigh sé dreamanna éagsúla agus, leis an bhFronta Nusra, chruthaigh sé Hay’at Tahrir al-Sham. Is iarbhall den Fhronta Nusra iad an chuid is mó dá fhoireann rialtais inniu.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!