Eoin Ó Murchú Má tá díomá ar pháirtí ar bith i ndiaidh an toghcháin, is é an Comhaontas Glas atá ag caoineadh, ó thit an páirtí ó dheich suíochán dála go dtí ceann amháin, agus ba ar éigin a fuair sin an ceann sin fiú. Níor chuir sé aon íonadh orm gur fhulaing siad tubaist…
Cathal Ó Murchú Ó mhaidin Dé Céadaoin ar aghaidh tá sos comhraic le teacht i bhfeidhm idir Fórsaí Cosanta Iosrael agus Hezbollah (Arm Dé) sa Liobáin. Leanann an slad ar aghaidh i Stráice Gaza, áfach. Ó mhí Dheireadh Fómhair anuraidh, ar an seachtú lá den mhí sin, nuair a rinne Hamas ruathar ar lonnaíochtaí Iosraelacha…
Seathrún Sardina Is cruinniú bliantúil de chuid na Náisiúin Aontaithe (NA) é COP. Tá deireadh tagtha anois le COP 29, an chomhdháil COP a gaireadh i mbliana. Cinneadh COP29 – tuilleadh maoinithe do thíortha bochta Cinneadh $300 billiún a chur ar fáil do thíortha tearcfhorbartha in aghaidh na bliana, ardú ón $100 a bhíodh á…
Leis an gcogadh san Úcráin agus Uachtarántacht Biden ag druidim chun deiridh, agus mórán den tuairim go bhfuil siad fite fuaite lena chéile, tá géarú atá beagnach tubaisteach tar éis tarlú sa chogadh úd agus údarás tugtha ag Biden diúracáin fadraoin Chóras Oirbheartach Diúracáin an Airm (ATACMS (Army Tactical Missile Systems)) a úsáid laistigh de…
Eoin Ó Murchú Tá baol soiléir ann go bhfuil muid ag suansiúl isteach i gcogadh núicléach, cogadh a scriosfadh an domhan ar fad, i bhfianaise chinneadh Joe Biden cead a thabhairt do réimeas Chív san Úcráin diúracáin Chóras Diúracáin Oirbheartach an Airm (CDOA, ATACMS i mBéarla) a scaoileadh go díreach isteach sa Rúis. Tá cinntí…
Foghlaimíodh go leor ó chás Nikita Hand agus a crógacht a chuir muid ag caint agus a fhanfaidh linn ar feadh i bhfad. Lisa Nic an Bhreithimh Tráthnóna an 22 Samhain, sheas Nikita Hand os comhair na hArdchúirte – os comhair na meán, an phobail agus na miliún fud na cruinne. Dúirt sí, “I want…
Is féidir caint gan stad ar stádas na Gaeltachta agus na Gaeilge. Ach más cearta atá uainn, ní mór díriú ar an freagraí – gníomh díreach agus dí-normalú radacach an Béarla. Le Seathrún Sardina Níl éalú ón teanga choilíneach. Tá Béarla brúite orainn ag oifigí rialtais, ag comhlachtaí poiblí, ag seirbhísí éigeandála agus ag chuile…
Eoin Ó Murchú “Dá dtiocfadh an lucht oibre amach chun vótáil, bheadh dea-scéal ansin do Shinn Féin thar aon pháirtí eile, agus mar an gcéanna dá dtiocfadh daoine óga.” Deir páirtithe na heite clé go labhraíonn siad ar son an lucht oibre, an aicme is dearóile agus is boichte sa stát, agus chun leas na…
Léirmheas ar Michael O’Leary agus ar a ndúirt sé ag ócáid de chuid Fhine Gael le déanaí Le Aodh McNeill Dúirt James Connolly tráth nach bhfuil i gceist le rialtais sa tsochaí chaipitleach ach coistí de lucht an rachmais ar mhaithe le cúrsaí na haicme caipitlí a bhainistiú. Ní dóigh liom go mbeadh an Conghaileach…
Is iomaí daoine atá ag caint ar athruithe ‘céim ar chéim’. Níl ann ach slí dhíreach i dtreo léirscrios an domhain – réabhlóid, nó bás, a bheas againn. Seathrún Sardina Tá díothú an chine dhaonna ag druidim linn. Is beag suarach an seans atá ag an gcine daonna – ná ag neach beo ar bith…