
Jenna Goulding Is tarraingt mhór do thurasóirí é dealbh Mhoil Ní Mhaoileoin. Coimisiúnaíodh an dealbh in 1988 do cheiliúradh mílaoise Bhaile Átha Cliath. Nochtadh an dealbh athchóirithe don phobal níos luaithe an tseachtain seo. Bhí cláir curtha timpeall uirthi ar feadh cúpla lá le haghaidh oibreacha. Tháinig drochdhath ar chliabhrach na deilbhe cáiliúla tar éis…
Bhí an Páirtí Aontachtach Daonlathach (PAD) ag lorg athbhreithniú ar pholasaí de chuid Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste Jack Mac Íomhair I ndiaidh gur aontaigh Comhairle Cathrach Bhéal Feirste polasaí dátheangach an tseachtain seo caite, tá an Páirtí Da fós ag iarraidh ionsaí a dhéanamh ar an teanga. Chuir an Páirtí Aontachtach Daonlathach rún os comhair…
Dúirt teachta dála Shinn Féin do Phort Láirge, Conor D McGuinness, go bhfuil Fine Gael agus Fianna Fáil ag tréigean daoine faoi mhíchumas, agus gur céim chruálach siar atá i mBuiséad 2026. Dúirt an Teachta McGuinness go léiríonn diúltú an rialtais íocaíocht bhuan ar chostas an mhíchumais a thabhairt isteach easpa iomlán measa ar dhaoine…
Grúpa oibre teicniúil nua bunaithe faoin bPlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge Tharla céim shuntasach eile i dtreo seirbhís phoiblí dhátheangach Dé Céadaoin seo caite, le hoscailt oifigiúil an chéad chruinnithe den Ghrúpa Oibre Teicniúil faoin bPlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge. Rinne an tAire Forbartha Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, an oscailt…

Inniu, táim ag impí go humhal oraibh bhur muinín a chur ionam le go mbeinn mar an deichiú hUachtarán ar Éirinn. Is mian liom mo shaolré agus taithí atá bainte amach agam a thabhairt liom isteach i seirbhís na huachtaránachta. D’oibrigh mé ar feadh blianta fada mar bhainisteoir i gcumman creidmheasa, áit a raibh deis…
Ionsaí le 3,100 drón, 92 diúracán, agus 1,360 buama faoileitilte déanta in aon seachtain amháin Dara Ó Baoill Tá feachtas an fhómhair ag an Rúis i gcoinne córas fuinnimh na hÚcráine tosaithe arís, mar a tharla gach geimhreadh ó thosaigh an cogadh lánscála in 2022. Ar an 10 Deireadh Fómhair, seoladh thart ar 465 drón…

Caoimhín Ó Cadhla Tá Hamas agus Likud tar éis a aontú go gcuirfidh siad i bhfeidhm an chéad chuid den phlean síochána. Tar éis dhá bhliain agus suas le 680,000 Palaistíneach maraithe, tá an chuma air go bhfuil deireadh ag teacht leis an gcinedhíothú. Dúirt Trump, ‘Tá an-bhród orm a fhógairt go bhfuil Iosrael agus…
Eoin Ó Murchú Tá an Fhrainc ina cíor thuathail, agus Sebastien Lecornu ag éiri as, an tríú príomh-aire le bliain anuas agus an cúigiú príomh-aire ó fuair Macron an dara téarma cumhachta. Tá an Fhrainc scoilte anois go cothrom idir clé agus deas, agus tá polaitíocht an láir de chuid an Uachtaráin Macron á fáisceadh…
Maoiniú breise do TG4, Foras na Gaeilge agus tionscadail chaipitil na Gaeltachta Cóilín Duffy Tugadh borradh suntasach don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin i gCáinaisnéis 2026, le €159 milliún á chur ar fáil ag an Roinn Forbartha Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta, méadú 29% ar an mbliain seo caite, agus cuireann sé seo teachtaireacht…
Domhnall Mac Concharraige Tuairiscíodh le déanaí go bhfuil grúpa dépháirteach i gComhdháil na Stát Aontaithe ag cur brú ar Rialtas na hÉireann gan Bille na gCríocha faoi Fhorghabháil a ghlacadh. Scríobh an grúpa, ina bhfuil 23 feisire comhdhála ón bPáirtí Daonlathach agus ón Páirtí Poblachtánach, chuig Micheál Martin. Sa litir léirigh siad a mbuairt faoin…