
De réir na pobalbhreithe is déanaí tá Sinn Féin agus an PAD ar an leibhéal is ísle le 20 bliain Jack Mac Íomhair Rinneadh taighde i mí na Samhna ar son Institiúid an Léinn Éireannaigh ag Ollscoil Learphoill a léiríonn go bhfuil titim sa tacaíocht don dá pháirtí is mó sna sé chontae ón toghchán…
Eoin Ó Murchú Tubaiste don tionscal iascaireacht in Éirinn is ea an margadh a rinneadh i mBruiséal an tseachtain seo caite i dtaobh chomhpholasaí iascaireachta an Aontais Eorpaigh. Dar le Comhghuaillíocht Bhia Mara na hÉireann (SIA) beidh laghdú ar chuóta na hÉireann síos 57,000 tonna níos lú an bhliain seo chugainn.Shroich na ballstáit AE aontú…
Tá sé á mholadh do shaoránaigh de chuid na hÉireann a bhfuil cónaí orthu gan an cháipéisíocht chuí sna Stáit Aontaithe gan a theacht ar ais go hÉirinn le haghaidh na Nollag mar gheall ar imní faoi bhearta géara an Uachtaráin Donald Trump maidir le hinimirce mídhleathach. Tugtar rabhadh go bhféadfaí saoránaigh de chuid na…
Cóilín DuffyNíl ach 18.19% de pháistí agus daoine óga idir 3 agus 18 mbliana d’aois sa Ghaeltacht ina gcainteoirí laethúla Gaeilge, de réir torthaí nua atá foilsithe ag Tuismitheoirí na Gaeltachta sa tuarascáil Daonáireamh 2016–2022: Teaghlaigh, Páistí agus Daoine Óga sa Ghaeltacht Léiríonn na figiúirí seo go soiléir go bhfuil meath seasta ar úsáid na…
Cathal Ó MurchúGearradh pianbhreith trí bliana i bpríosún ar dhílseoir darb ainm John Wilson tar éis gur ciontaíodh é i gcúirt i mBéal Feirste i mí Mheán Fómhair seo caite as ionsaí a rinne sé ar chumann CLG in oirthear Bhéal Feirste i mí Lúnasa 2020. Is as Bóthar an Bhrainil Íochtarach in oirthear Bhéal…
Jenna Goulding Fógraíodh an tseachtain seo caite nach mbeadh Éire ag glacadh páirt in Eoraifís 2026, cinneadh a spreag plé agus conspóid fhorleathan i measc lucht leanúna. Tháinig an cinneadh seo i ndiaidh fógra ó Chumann Craolacháin na hEorpa (CCE) ag dearbhú go mbeidh cead ag Iosrael páirt a ghlacadh. Dúirt RTÉ go “measann sé…
D’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, os cionn €2 milliún, thar thréimhse cúig bliana, don tionscadal Abair sa tSaotharlann Foghraíochta agus Urlabhra san Ollscoil. Tá Abair dírithe ar réimse teicneolaíochtaí urlabhra agus áiseanna teanga a fhorbairt agus a chur ar fáil do phobal na Gaeilge. Cuireann suíomh gréasáin abair.ie…
Eoin Ó Murchú Dea-scéal don eite chlé atá sa phobalbhreith is deireanaí de chuid Ireland Thinks a foilsíodh san Sunday Independent an tseachain seo caite. Dar leis an bpobalbhreith seo tá tacaíocht 24% ag Sinn Féin, an líon is mó ag aon pháirtí, in éineacht le 8% ag na Daonlathaithe Sóisialta, 5% ag Páirtí an…
Shínigh Coimisiún na Meán meabhrán tuisceana (MT) an tseachtain seo le Coimisinéir Ríomhshábháilteachta na hAstráile. Niamh Hodnett, an Coimisinéir um Shábháilteacht ar Líne i gCoimisiún na Meán, agus Julie Inman Grant, Coimisinéir Ríomhshábháilteachta na hAstráile, a shínigh an MT, a dheimhníonn go bhfuil sé de rún ag an dá eagraíocht obair lena chéile ar shábháilteacht…
Tá céim shuntasach tógtha i gcaidreamh na hÉireann agus na hAlban leis an gcomhaontú comhpháirtíochta a síníodh le déanaí idir Údarás na Gaeltachta agus Iomairt na Gàidhealtachd ’s nan Eilean. Tá an meabhrán tuisceana dírithe ar bhealaí praiticiúla chun borradh breise a chur faoi fhorbairt gheilleagrach, teanga agus cultúir i bpobail Ghaelacha an dá thír,…