Praghas meánach tí i mBaile Átha Cliath ag €500,000 – sonraí nua ón bPríomh-Oifig Staidrimh

Cóilín Duffy

Tá costas meánach tí i mBaile Átha Cliath anois ag €500,000, de réir figiúirí úra ón bPríomh-Oifig Staidrimh, agus leanann an ghéarchéim tithíochta ag cur brú millteanach ar cheannaitheoirí ar fud na tíre.

Léiríonn na sonraí gur ardaigh praghsanna maoine cónaithe 7% ar bhonn náisiúnta anuraidh. Cé gur laghdú beag é sin i gcomparáid leis an ardú 8.7% a taifeadadh in 2024, tá sé fós i bhfad chun tosaigh ar fhás meánphá, rud a chiallaíonn go bhfuil cumas ceannaigh daoine á chreimeadh i gcónaí.

Go náisiúnta ba é €387,000 an praghas meánach a íocadh ar theach in 2025. I mBaile Átha Cliath, áfach, sháraigh an praghas meánach an tairseach síceolaíoch €500,000, figiúr a léiríonn an brú leanúnach atá ar an margadh sa phríomhchathair mar gheall ar easpa soláthair.

Ní raibh na harduithe seo scaipthe go cothrom ar fud na príomhchathrach. I nDún Laoghaire-Ráth an Dúin, ba é €680,000 an praghas meánach, an leibhéal is airde sa tír. I gcodarsnacht leis sin, ba iad Fine Gall agus Cathair Bhaile Átha Cliath na ceantair ba neamhchostasaí sa phríomhchathair, agus praghas meánach €475,000 iontu araon.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!