Nollaig shona agus athbhliain faoi mhaise duit ón foireann go léir ag An Páipéar! Beimid ar ais ar an 30ú lá Nollaig le h-eagrán #8. Go raibh maith agaibh as ucht an tacaíocht go léir i 2024.
D’fhógair Glór na nGael go bhfuil 16 chlub cláraithe don bhlitzchomórtas a bheidh ar siúl i gCo. na Mí ar Lá ‘le Bríde.Imreoidh na himreoirí, a bheidh os cionn 17 mbliana d’aois, ar pháirceanna uileaimseartha i gCLG Domhnach Mór Cill Dhéagláin. Peil Ghaelach mheasctha, le fir agus mná ag imirt le chéile, a bheidh á…
Caoimhín Ó Cadhla D’fhoilsigh Coimisiún na Meán torthaí ar shuirbhé a rinne siad maidir leis an nGaeilge Dé Máirt an 17 Nollaig. Tá athbhreithniú leathan á dhéanamh ag Coimisiún na Meán ar sheirbhísí ag us ábhar i nGaeilge sna meáin i gcoitinne.Rinneadh an suirbhé i mí an Mheithimh agus mí Iúil 2024 i measc 1,200…
Bill Breathnach Tá triúr teachtaí dála ó Fhianna Fáil tar éis a nochtadh cén chaoi go bhfuil ag éirí le ceist tithíochta na Gaeltachta sna cainteanna chun rialtas nua a chruthú. Labhair John Connolly as Gaillimh Thiar, Pat “the Cope” Gallagher as Dún na nGall agus Aindrias Moynihan as Corcaigh Thiar Thuaidh leis an bhfoilseachán…
Tá seacht gcinn de Ghradaim Scannán Neamhspleách na Breataine buaite ag an scannán Gaeilge Kneecap, an príomhgradam ina measc, an Scannán Neamhspleách is Fearr de chuid na Breataine.Fuair an scannán, atá bunaithe ar scéal leathfhicseanúil faoin gcaoi ar cruthaíodh an bhuíon rapcheoil Kneecap ó iarthar Bhéal Feirste, gradam an scríbhneora nua is fearr do Rich…
D’eisigh priosúnaigh phoblachtacha i bPríosún Mhaigh gCabraí ráiteas ar an 10 Nollaig ag cáineadh pholasaí frith-Ghaelach na n-údarás. Deir siad sa ráiteas gur goideadh liathróidí CLG, go bhfuil cosc ar leabhair agus acmhainní Gaeilge, agus go bhfuil easpa comharthaíochta ann. Tá cosc ar chaitheamh an fháinne agus lile na Cásca. Níor ceadaíodh geansaithe comórtha CLG…
Ultach Scéalach Tá tuairiscithe ag BBC Thuaisceart Éireann go bhfuil na péas i mbun fiosrúcháin i ndiaidh bileoga frith-Ghaeilge a bheith curtha ar ghluaisteáin taobh amuigh de rang Gaeilge i mBéal Feirste. Cuireadh na bileoga ar charranna taobh amuigh de thábhairne The Points ar Bhóthar Bhaile Átha Cliath sa chathair, áit a raibh rang Gaeilge…
An Nollaig seo, tabhair draíocht na scéalta Gaeilge mar bhronntanas. Amharc siar ar Nollaig ar oileán sa leabhar cuimhní cinn ʻNollaig Oileánach’, nó bíodh do rogha gearrscéalta agat a chlúdaíonn na céadta bliain i ʻScéalta Nollag’. Cnuasach d’fhilíocht chumhachtach na hÉireann é ʻCé a Mharaigh Emma Mhic Mathúna’ a chuimsíonn réimse téamaí traidisiúnta agus comhaimseartha.…
Tá dialann nua i nGaeilge ar fáil do pháistí anois, Mo Leabhairín Beag Féin, ag cruthú suaimhnis agus síochána sa bhaile agus ar scoil. Tabharfaidh an Leabhairín Beag seo deis do pháiste aireachas a chleachtadh le linn an lae, gan rud ollmhór a dhéanamh as. Tá go leor cleachtais éagsúla sna laethanaigh idir phíosaí machnamhacha…
Tá údaráis áitiúla Átha Cliath ag ceiliúradh na gceannairí óga atá ag athbheochan na Gaeilge ina bpobail tríd an gclár Todhchaí Geal Gaelach. Le 12 seachtaine anuas, tá 16 déagóir ó fud fad Átha Cliath ag forbairt tograí nuálacha atá deartha chun Gaeilge a thabhairt amach as an seomra ranga agus isteach i saol laethúil.…