Tá Oíche Shamhna ag teacht, an t-am a gcreidtear go bhfuil an tairseach idir an domhan seo agus an domhan eile, an t-alltar, níos caoile.

Tír na nÓg, They rode up to a stately palace, in The high deeds of Finn and other bardic romances of ancient Ireland le W Rolleston (1910), arna mhaisiú ag Stephen Reid

An tairseach

Deirtear go mbeidh na taibhsí amuigh agus Oíche Shamhna ag teacht, ach cén fáth sin? Tá, creidtear, de bharr go bhfuil an tairseach idir an domhan seo agus an domhan eile, an t-alltar, níos caoile ná mar atá ag aon am eile sa bhliain, idir an tseanbhliain agus an bhliain nua. Ach céard é an t-alltar seo?

Tuatha Dé Danann

Áirítear go leor ciníocha in Éirinn ar feadh na mblianta, na Fomhóraigh agus na Fir Bolg ina measc. Insítear gur tháinig Tuatha Dé Danann go hÉirinn i ndiaidh na gciníocha sin, agus go raibh siad i bhfeighil ar Éirinn ar feadh na gcéadta blianta. Ina ndiaidh siúd deirtear gur tháinig Clann Mhíle, agus go raibh cath ann idir Clann Mhíle agus Tuatha Dé Danann, Cath Mhaigh Tuireadh. D’éirigh le Clann Mhíle Tuatha Dé Danann a chloí. Mar ghéilleadh don toradh sin gheall Tuatha Dé Danann go nglacfadh siadsan seilbh ar gach rud faoin talamh in Éirinn, agus go bhfágfadh siad an saol os cionn talún ag Clann Mhíle. Ó Chlann Mhíle a shíolraigh Gaeil an lae inniu ann, creidtear, agus deirtear go bhfuil Tuatha Dé Danann anois san alltar.

Ó dhéithe go sióga

Dhéanadh Gaeil anallód Tuatha Dé Danann a adhradh mar dhéithe. I measc na ndéithe seo tá na carachtair Lú, Nuadha agus Bríd. De réir mar a tháinig an Chríostaíocht i bhfeidhm tosaíodh ag breathnú ar na déithe sin mar aos sí, na sióga, leipreacháin, mná sí agus a leithéid. Creidtear go bhfuil na neacha seo ag maireachtáil fós san alltar i liosacháin.

Tír na nÓg

Cé gur domhan eile é an t-alltar, deirtear gur minic a thagann an dá dhomhan i dteagmháil le chéile. I scéal amháin bhí fear ann fadó darb ainm Oisín. Thit sé i ngrá le cailín fionn, Niamh Cinn Óir, agus thit sise i ngrá leisean chomh maith. D’iarr sí ar Oisín teacht abhaile léi. Bhí capall bán aici agus chuaigh siad ag marcaíocht siar, chomh fada leis an gcladach. Ach ní chuir sé sin isteach ar an gcapall. Lean siad ar aghaidh ag marcaíocht thar an bhfarraige, go dtí gur shroich siad oileán, Tír na nÓg. San áit seo bhí gach duine óg, gan seanduine ar bith ann. Bhí sé mar a bheadh neamh ann, cóisir shíoraí le flúirse bia, dí agus ceoil ann. Bhí an-spraoi ag Oisín ann. Ach tar éis seal a chaitheamh ann bhí uaigneas air agus cumha ag smaoineamh ar a sheanchairde. D’impigh sé ar Niamh ligean dó dul abhaile. Ní raibh fonn ar Niamh cead a chinn a ligean leis, ach tar éis tamaill ghéill Niamh dó. Thug sí a capall bán dó, ach thug sí foláireamh dó freisin gan éirí den chapall ná a chos a leagan ar thalamh na hÉireann. Gheall sé léi nach ndéanfadh sé sin. Chuaigh sé ar ais go hÉirinn agus bhuail sé le beirt fheirmeoirí a bhí ag iarraidh cloch mhór a bhogadh. Dúirt sé go gcuideodh sé leo mar bhí sé láidir. Ach nuair a thosaigh sé ag bogadh na cloiche bhris iall na diallaite agus thit sé ar an talamh. Thosaigh sé láithreach ag éirí níos sine go dtí go raibh sé níos mó na 300 bliain d’aois. I ngan fhios dó bhí sé tar éis 300 bliain a chaitheamh i dTír na nÓg.

Cath Chluain Tarbh

I dtéacs ón dara haois déag, Cogad Gáedel re Gallaib (Cogadh Gael le Gaill), luaitear go raibh na Gaeil in ann spioraid éagsúla a fheiceáil i lár an chatha, rud a léiríonn, creidtear, go raibh an t-alltar níos cóngaraí do na Gaeil ina saol míle bliain ó shin.

Na dumhaí

Tá dumhaí timpeall na tíre ina gcreidtear go bhfuil tairseach idir an domhan seo agus an t-alltar. Creidtear gurb é an t-am is fearr leis an alltar a shroicheadh ná Oíche Shamhna, tairseach na bliana, ag luí na gréine, an tairseach idir lá agus oíche, agus ag an dumha, an tairseach fhisiciúil.

Rabhadh

Más féidir an t-alltar a shroicheadh, ar chóir duit féachaint lena dhéanamh? Ní mholaim é. Ní hé go bhfuil mailís ag baint le neacha an tsaoil úd eile, ach tá i bhfad níos mó cumhachta acu ná mar atá againn, agus creidtear gur minic iad i mbun cleasaíochta. Creidtear gur féidir leo mallacht nó mí-ádh a tharraingt ort. Sin an fáth go bhfuil de phiseog ag Gaeil gan dul in aice liosachán ná sceach sí más féidir iad a sheachaint.   


Tá an cháilíocht Dioplóma do Chéimithe ag Caoimhín Ó Cadhla i mBéaloideas na hÉireann ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.