Hector ag filleadh ar Mheiriceá Theas tar éis 25 bliain le sraith nua ar TG4

Tá Hector Ó hEochagáin ag filleadh ar Mheiriceá Theas den chéad uair le 25 bliain i sraith nua taistil a chuirfear ar an aer ar TG4 Déardaoin, an 5 Samhain, ag 9.30pm.

Sa tsraith seacht gclár, Hola Hector – Ó Bogotá go Buenos Aires, tabharfaidh an láithreoir aitheanta aghaidh ar thuras trí sheacht dtír, ag fiosrú na n-athruithe atá tagtha ar an mór-roinn ó thug sé cuairt uirthi den chéad uair.

Ag taisteal tríd an gColóim, an Bholaiv, réigiún na hAmasóine, Paragua, an Bhrasaíl, Uragua agus an Airgintín, buailfidh Hector le pobail áitiúla agus le daoine atá ag dul i ngleic le hathruithe sóisialta, cultúrtha agus comhshaoil.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.