Tionchar nach beag ag Fleadh Cheoil na hÉireann ar Bhéal Feirste 

Bhí lár chathair Bhéal Feirste plódaithe le daoine i rith sheachtain na Fleadh.
Grianghraf: Cóilín Duffy

Tháinig Fleadh Cheoil na hÉireann go Béal Feirste den chéad uair agus ní raibh sé ach an dara huair go raibh sé ó thuaidh óna d’óstáil Cathair Dhoire an fhéile in 2013. 

Ní raibh ach rudaí deasa le cloisteáil faoin Fhleadh i mBéal Feirste agus tá gach duine ag dúil go mór leis an fhéile agus í ag teacht ar ais in 2027 go dtí an chathair. 

Léiríonn figiúirí go ndearna níos mó ná 1.65m cuairt ar lár chathair Bhéal Feirste agus ar an Satharn bhí 289,560 cuairteoir ag an Fhleadh. 

Bhí ar a laghad 4,000 duine i láthair ag Halla na Cathrach ag a 1 ar maidin Luain chun deireadh a chur leis an Fhleadh. 

Dúirt Niall McClean, comhchathaoirleach ar an choiste eagrúcháin, leis an slua go ndearna siad rud éigin nach raibh déanta sa chathair riamh.  Tharraing siad gach pobal le chéile agus bhain gach duine an-chuid sult as.

Agus McClean ag labhairt ar an ardán, dúirt sé go raibh gach duine páirteach in ócáid stairiúil agus go raibh miongháire buan ar a aghaidh.  Dúirt sé go raibh sé ar an duine is sásta i mBéal Feirste agus go bhfuil sé ag dúil go mór le 2027.

Cé go bhfuil gach uile dhuine ag dúil go mór leis an Fhleadh in 2027, tá ceisteanna fágtha ag pobal Bhéal Feirste maidir leis an dóigh gur athraíodh an chathair don fhéile.

Thit níos mó ná 200 imeacht amach sa chathair agus rinneadh limistéar do choisithe amháin as lár an bhaile agus baineadh úsáid as foirgnimh dhearóile le haghaidh taispeántas. 

Cuireadh neart leis an argóint atá ag dul ar aghaidh le fada chun limistéar do choisithe amháin a chur i bhfeidhm i lár Chathair Bhéal Feirste.

Dúirt an tAire Geilleagair, Liz Kimmins, go dtacóidh sí leis an limistéar sin má oireann sé don phobal.

Dúirt Bainisteoir ar Cheantar Gnó Feabhsúcháin um Cheathrú na hArdeaglaise, Damien Corr, gur bhreá leis na sráideanna a fheiceáil i lár Bhéal Feirste do choisithe amháin.  Rinne sé tagairt don limistéar a cuireadh i bhfeidhm i gCeathrú na hArdeaglaise cheana féin.

Tá grúpaí feachtasaíochta ar son chearta do dhaoine faoi mhíchumas ag rá gur féidir leis na pleananna chun limistéar do choisithe amháin a chur i bhfeidhm cosc a chur ar rochtain dhaoine faoi mhíchumas i lár an bhaile. 

Mar a dúirt Ball Tionóil Dheisceart Bhéal Feirste, Kate Nicholl, caithfear aon phlean maidir leis sin plé a dhéanamh le daoine faoi mhíchumas agus eagraíochtaí rochtana lena chinntiú go gcuirfear san áireamh iad.

Tá an-chuid cainte déanta fosta maidir leis na tobthithe tabhairne a bhí ar fud fad na cathrach don tseachtain.  Dúirt Boyd Slater, ón ghrúpa Faigh an Oíche Ar Ais (Reclaim the Night) go gcaithfidh daoine glacadh leis na hionaid a bhí ann le linn na Fleá.

Dúirt sé go mbeadh sé níos fusa daoine a mhealladh chuig lár na cathrach más rud é go raibh níos mó spáis agus ionad curtha ar fáil.

Rud amháin nár oibrigh amach go rómhaith le linn na Fleá ná an córas taistil, in ainneoin na seirbhísí breise a chuir Translink ar fáil, bhí fós fadhbanna ann leo.

Dúirt Translink, áfach, go bhfuil pleanáil ar bun acu le haghaidh Fleadh 2027 cheana féin. 

Is cinnte go bhfuil fuinneamh ann i gCathair Bhéal Feirste anois agus tá an cheist fágtha ag an phobal, cén fáth nach féidir leo rud éigin mar seo a chur ar siúl gach bliain? Nó cén fáth nach féidir leo cur leis na féilte atá acu sa dóigh seo?

Tá toil an phobail ann, ach an mbeidh na polaiteoirí in ann leas a bhaint as?

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.