Shroich grianfhuinneamh ar scála na heangaí an leibhéal is airde riamh in Éirinn i mí Iúil de réir sonraí sealadacha nua atá foilsithe ag EirGrid.
Chuir grianfhuinneamh 9.4% den leictreachas a úsáideadh ar an gcóras leictreachais ar fáil i gcaitheamh na míosa, ardú ó 8.2% i mí an Mheithimh agus 7.8% i mí Bealtaine. Ní áirítear fuinneamh gréine a ghintear ar dhíonta san fhigiúr sin.
Tháinig 32% den leictreachas a úsáideadh i mí Iúil ó fhoinsí in-athnuaite san iomlán, i gcomparáid le 33% sa mhí chéanna anuraidh.
Bhí fuinneamh gaoithe freagrach as 22% den leictreachas a gineadh i gcaitheamh na míosa, agus gineadh 614 GWh (gigeavat san uair) de chumhacht ghaoithe san iomlán.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!