D’fhéadfadh Uisce Éireann síneadh a chur leis an gcosc náisiúnta ar phíobáin uisce thar an 26 Lúnasa mar gheall ar an mbrú leanúnach atá ar sholáthairtí uisce óil i roinnt áiteanna sa tír.
Tá an tOrdú um Chaomhnú Uisce i bhfeidhm ar fud na tíre ón 24 Iúil agus tá sé le fanacht i bhfeidhm go dtí an 26 Lúnasa. Faoin ordú, tá cosc ar theaghlaigh píobáin uisce a úsáid le haghaidh gníomhaíochtaí áirithe, carranna a ní, gairdíní a uisciú agus linnte lapadáin a líonadh ina measc.
Dúirt Ceannasaí Oibríochtaí Uisce Uisce Éireann, Margaret Attridge, go bhféadfaí síneadh réigiúnach a chur leis an ordú agus go raibh gach rogha á choinneáil faoi athbhreithniú.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!