Na falscaithe is measa san Eoraip riamh agus cinn níos measa fós le teacht

Tá na falscaithe is measa riamh ar siúl san Eoraip faoi láthair an Samhradh seo agus an méid sin cinn acu ar siúl in áiteanna éagsúla ar fud na hEorpa.  Tá an patrún céanna seo le sonrú sna blianta beaga anuas agus níl mórán amhrais anois ach gurb é an t-athrú aeráide agus an téamh domhanda is cúis leis an ngéarchéim atá ag dul in olcas gach bliain.  Tá tonnta teasa ag bualadh na hEorpa gach bliain ina sáraítear taifid na mblianta roimhe.  In ainneoin na bhfoláireamh a thug eolaithe aeráide agus timpeallachta faoi na contúirtí a bheadh ag baint le hathrú aeráide, bhí ceannairí polaitiúla agus gnó ach go háirithe beag beann ar na foláirimh seo ó na 1980í agus 1990í ar aghaidh.

Tá achair mhóra de thalamh tirim i nDeisceart na hEorpa cois leis an Meánmhuir agus in Iarthar na hEorpa trí thine leis na falscaithe seo, agus tá an Spáinn, an Phortaingéil agus Iardheisceart na Fraince buailte go dona ach go háirithe.  Fiú in Éirinn, áit ar glacadh leis nach mbíonn falscaithe ar siúl de ghnáth, tá Sliabh na mBan i gContae Thiobraid Árainn trí thine toisc triomach a bheith ann le breis is mí.  Is falscaí bheag í sin i gcomparáid leis na cinn atá i mbun léirscriosadh ar Ilchríoch na hEorpa.

Lean na falscaithe seo patrún le triomaigh inar theip ar an mbáisteach seachtainí i ndiaidh a chéile.  I gcás na Fraince, seo é an tríú babhta d’fhalscaithe atá ag réabadh na críche sin.  Is é Réigiún an Gironde le hais Chathair Bordeaux agus Lár na Spáinne timpeall ar Chathair Mhaidrid agus Oirthear na Spáinne timpeall ar Chathair Valencia na háiteanna is measa atá buailte.

D’éinne atá ag eitilt ar aon eitleán san Eoraip, tá sé soiléir ó dhath na talún cé chomh tirim atá an talamh agus fíorbheagán báistí ann le faoiseamh a thabhairt.  Tá dath buí níos mó le sonrú anois ná an gnáthdhath glas, fiú in Éirinn!  Tá neart áiteanna eile a bhfuil baol falscaithe ann nár tharla tinte ag an bpointe seo.  Agus ní bhaineann an fhadhb seo leis an Eoraip amháin ach leis an Áise agus le Meiriceá Thuaidh chomh maith.

Ní thugann saineolaithe aeráide agus timpeallachta mórán ábhar dóchais don todhchaí ach an oiread.  Measann siad, ní hamháin go bhfuil an téamh agus an triomú ag éirí níos measa, ach go bhfuil luas leis an bpróiseas seo, rud ba cheart alltacht a chuir ar lucht cumhachta agus ar phobal an Domhain.  An fhoinse is mó leis an téamh agus leis an triomú seo ná an tionscal hidreacharbóin agus an sceitheadh carbóin san atmaisféar dá bharr.

Tá dlúthcheangal idir an tionscal hidreacharbóin agus lucht ceannasaíochta an Domhain agus tá sé soiléir go ndéantar cinntí rialtais ar bhonn na leasanna cumhachtacha seo.  Ó thosaigh an Réabhlóid Thionsclaíoch go luath sa naoú haois déag, tá breis is 50% carbón san atmaisféar anois – ó 280 cuid in aghaidh an mhilliúin (ciam) go 422 ciam anois – sin 1,000 billiún tona carbóin thar ná mar is nádúrtha.

Maíonn na saineolaithe go bhfuilimid ag teacht chuig pointe claochlaithe níos tapúla anois ná mar a ceapadh roimhe.  Ciallaíonn an pointe claochlaithe seo go n-athróidh an aeráid dhomhanda go tobann, go tapaidh agus go tubaisteach agus nach mbeidh aon bhealach ann leis an athrú sin a stad, a mhaolú nó a chasadh siar.  Go bunúsach táimid ag caint faoin ngéarchéim shibhialtachta is tubaistí riamh a bhuailfidh an cine daonna le seans réasúnta go scriosfar an bithsféar do dhaoine agus don dúlra i gcoitinne agus cumas an phláinéid féin leis an saol féin a chothú imithe!

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.