32 Rós réidh don 66ú Féile Idirnáisiúnta Rós Thrá Lí

Seoladh Féile Idirnáisiúnta Rós Thrá Lí 2026 go hoifigiúil i mBaile Átha Cliath Dé Máirt leis na láithreoirí Dáithí Ó Sé agus Kathryn Thomas ag cur fáilte roimh 32 Rós na bliana seo.

Bhailigh na Róis in Óstán St Helen’s i Stigh Lorgan don seoladh agus iad anois ag ullmhú do chúig lá d’imeachtaí i dTrá Lí.  Cuirfear tús leis an bhféile Dé hAoine 14 Lúnasa agus beidh buaic na féile ann nuair a roghnófar Rós Idirnáisiúnta Thrá Lí 2026.

Tá an fhéile, a bhfuil á reáchtáil den 66ú huair i mbliana, ar cheann de na himeachtaí cultúrtha is seanbhunaithe sa tír.  Tá breis is 70 ionad Róis bainteach léi ar fud na hÉireann agus thar lear, lena n-áirítear an Bhreatain, an Eoraip, an Meánoirthear, Meiriceá Thuaidh, an Astráil agus an Nua-Shéalainn.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.