Páirc an Chrócaigh réidh do dheireadh seachtaine mór na hiomána

Cóilín Duffy

Is é seo ceann de na deireadh seachtainí is mó sa bhféilire iomána, agus faoin am a mbeidh cluichí leathcheannais sinsir uile-Éireann curtha i gcrích i bPáirc an Chrócaigh beidh a fhios againn cé hiad an dá fhoireann a rachaidh san iomaíocht ar son Chorn Liam Mhic Cárthaigh níos déanaí an mhí seo. Tá ceithre chontae fágtha sa tóir ar an duais is mó san iomáint: Corcaigh, Gaillimh, Luimneach agus an Clár, agus tá gealladh faoin dá chluiche seo deireadh seachtaine lán le drámaíocht, déine agus iomáint den chéad scoth a chur ar fáil.

Tráthnóna Dé Sathairn ag 3.30  tabharfaidh Corcaigh agus Gaillimh aghaidh ar a chéile i gcluiche a chraolfar beo ar RTÉ One agus ar BBC, agus tráthnóna Dé Domhnaigh ag 4 beidh athnuachan eile ar cheann de na coimhlintí is mó sa chluiche nuair a thabharfaidh an Clár aghaidh ar Luimneach, le clúdach beo ar RTÉ2 agus BBC.

Beidh súile na tíre dírithe ar an gcéad chluiche leathcheannais idir Corcaigh agus Gaillimh. Cé gur cuireadh deireadh le haislingí dúbailte an dá chontae an deireadh seachtaine seo caite sa pheil, beidh an fócas anois ar an iomáint agus ar an deis áit a bhaint amach sa chluiche ceannais. Tá Corcaigh ag iarraidh a bheith sa tríú cluiche ceannais uile-Éireann as a chéile agus céim eile a thabhairt i dtreo deireadh a chur lena bhfeitheamh fada ar Liam Mac Cárthaigh, corn nár ardaigh siad ó 2005. Cé gur caitheadh amhras ar a gcumas tar éis dóibh cluichí ceannais na sraithe agus na Mumhan a chailleadh, tá foireann Ben O’Connor fós ar cheann de na hiomaitheoirí is láidre sa tír.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.