Cóilín Duffy
Sroicheann craobh pheile mhionúr uile-Éireann Electric Ireland a buaicphointe Dé Domhnaigh nuair a thabharfaidh Corcaigh agus Tír Eoghain aghaidh ar a chéile i gcluiche ceannais Chorn Tom Markam i bPáirc Naomh Connlaodh, Droichead Nua. Cuirfear tús leis an gcluiche ag 2 a chlog tráthnóna agus beidh sé á chraoladh beo ar TG4. Beidh Corcaigh sa tóir ar a gcéad chraobh ó 2019, agus beidh Tír Eoghain ag iarraidh an choróin a chosaint tar éis dóibh an comórtas a bhuachan anuraidh.
Tá Tír Eoghain ag teacht isteach sa chluiche mar sheaimpíní na hÉireann agus beidh siad ag iarraidh an chraobh a chosaint. Sháraigh siad Cill Dara sa chluiche leathcheannais agus tá neart taithí acu ar an ócáid mhór, le roinnt d’imreoirí fhoireann na bliana seo páirteach sa bhua anuraidh. Beidh súil ar leith ar an lárthosaí Brian Óg McGuckin, atá i mbarr a réime agus a bheidh ag iarraidh tionchar mór a imirt arís.
Idir an dá linn, tá Corcaigh ag iarraidh Corn Tom Markham a thabhairt ar ais go bruach na Laoi den chéad uair ó 2019. Bhí feachtas den scoth ag na Reibiliúnaigh, agus bhuaigh siad craobh na Mumhan tar éis dóibh Ciarraí a shárú faoi dhó. Lean siad leis an móiminteam sin sna cluichí ina dhiaidh sin, ag cur na Mí agus Dhoire as an gcomórtas le taispeántais aibí agus mhuiníneacha
Ní bheidh mórán idir an dá thaobh ar pháipéar. Tá cosaint láidir agus smacht
teaicticiúil ag Tír Eoghain, ach tá luas, doimhneacht sa phainéal agus féinmhuinín ag Corcaigh. Is cinnte go mbeidh cath crua ann agus go mbeidh an fhoireann is fearr sna nóiméid chinniúnacha i seilbh Chorn Tom Markham tráthnóna Dé Domhnaigh.