Ní bheidh aon dara seans ann an deireadh seachtaine seo agus craobh shinsir pheil na mban TG4 ag bogadh isteach sna babhtaí díbeartha. Tá ocht bhfoireann fágtha sa tóir ar Chorn Bhreandáin Uí Mháirtín, ach ní bheidh ach ceithre cinn acu fós sa chomórtas nuair a bheidh cluichí ceathrú ceannais an deireadh seachtaine curtha i gcrích. Le ceithre chluiche spéisiúla ar an gclár agus gach ceann acu le craoladh beo ar TG4, tá deireadh seachtaine den scoth geallta.
Cuirfear tús leis an aicsean tráthnóna Dé Sathairn nuair a thabharfaidh Ard Mhacha aghaidh ar Chill Dara i bPairc na Lúthchleasaíochta BOX-IT ag 1.45. Tá an lámh in uachtar ag Ard Mhacha bunaithe ar an gcruinniú idir na foirne i roinn 1 den tsraith náisiúnta níos luaithe i mbliana, nuair a tháinig siad ó chúl le bua ceithre phointe a bhaint amach. Beidh Cill Dara ag iarraidh feabhas a chur ar an taispeántas sin agus iontas a chruthú in aghaidh foireann atá ag dul ó neart go neart.
Ina dhiaidh sin cuirfidh Ciarraí fáilte roimh an Mhí go Páirc Aibhistín de Staic, Trá Lí ag 5.15 tráthnóna. Tá cuimhní searbha ag an Mí ar na cluichí ceathrú ceannais in aghaidh Chiarraí le blianta beaga anuas, cé gur éirigh leo Ciarraí a bhualadh sa chraobh anuraidh. Tá athrú mór tagtha ar fhoireann na Mí ó shin, áfach, agus is iad Ciarraí a bheidh mar rogha ag go leor daoine, go háirithe agus buntáiste na páirce baile acu.