Easpa tacaíochta ón stát don Ghaeloideachais

Cathal Ó Murchú

Tá sé soiléir go bhfuil easpa tacaíochta ón stát sna 26 contae don Ghaeloideachas agus dóibh siúd atá bainteach le cur chun cinn na hearnála oideachais seo. De réir taighde ón Roinn Oideachais tá 13% de thuismitheoirí i scoileanna Béarla arbh fhearr leo a bpáistí a sheoladh chuig Gaelscoileanna. Maíonn an Foras Pátrúnachta go raibh an cheist i suirbhé an taighde seo claondírithe. Ach níl an rogha sin ann sna ceantair ina bhfuil cónaí ar na tuismitheoirí seo.  Fágann sé sin 65,000 dalta nach bhfuil in ann freastal ar an nGealoideachas. Tá taighde eile ann ón bhForas Pátrúnachta a mhaíonn go bhfuil 45% de thuismitheoirí ag iarraidh Gaeloideachas dá bpáistí.

Faoi láthair, as 3,300 bunscoil sa stát, níl ach 150 acu lasmuigh den Ghaeltacht ina nGaelscoil. Tá 45 Gaelcholáiste ann lasmuigh den Ghaeltacht as breis is 700 sa stát. Sna 6 chontae níl ach 35 Gaelscoil as 780 bunscoil ar fad, chomh maith le dhá Ghaelcholáiste as 190. San iomlán ar Oileán na hÉireann tá breis is 68,000 dalta ag fáil oideachas trí Ghaeilge idir bhunleibhéal agus mheánleibhéal, breis agus 60,000 sna 26 contae agus 7,800 sna 6 chontae.

Tá sé maíte ag Ard-Rúnaí an Fhorais Pátrúnachta Caoimhín Ó hEaghra nach bhfuil “aon toil pholaitiúil” ón Roinn Oideachais sna 26 contae Gaelscoileanna nua a thógáil. “Tá neart éileamh ann [don Ghaelscolaíocht] nach bhfuil freastal á dhéanamh air.”

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.