Tá Coláiste na hOllscoile Corcaigh tar éis éact a dhéanamh mar an chéad agus an t-aon ollscoil san Eoraip a bhain amach rátáil Phlatanaim sa chóras idirnáisiúnta Sustainability Tracking, Assessment and Rating System (STARS), ceann de na gradaim inbhuanaitheachta is mó cáil ar domhan.
Aithníonn an rátáil seo sármhaitheas i ngach gné d’obair na hollscoile, lena n-áirítear teagasc agus foghlaim, taighde, bainistíocht an champais, rialachas, rannpháirtíocht pobail agus ceannaireacht. Cuireann an gradam Coláiste na hOllscoile Corcaigh i measc institiúidí móra idirnáisiúnta ar nós Ollscoil Cornell, Ollscoil Stanford agus Ollscoil California.
Tá cáil ar Coláiste na hOllscoile Corcaigh mar cheannródaí i gcúrsaí inbhuanaitheachta le blianta fada. In 2010, ba í an chéad institiúid ardoideachais ar domhan a fuair an Brat Glas ón bhFondúireacht um Oideachas Comhshaoil. Ina theannta sin, sheol an ollscoil an chéad chlár “feirm go forc” in Éirinn in 2016 chun córais bhia inbhuanaithe agus táirgí áitiúla a chur chun cinn.