250 bliain de SAM, 250 bliain den chinedhíothú agus ciníochas

An Dr. Kerron Ó Luain

Mic léinn Sioux ar shroicheadh ​​Scoil Thionscail Indiach Carlisle, Pennsylvania, Deireadh Fómhair 1879.
Grianghraf le John N. Choate. Le caoinchead ó Ionad Acmhainní Digiteach Scoil Indiach Carlisle.

Tá SAM ag “ceiliúradh” 250 bliain a bhunaithe i mbliana. Ach déantar dearmad, i measc na nÉireannach atá faoi gheasa ag an áit ach go háirithe, gur bunaíodh SAM ar chinedhíothú dream amháin agus daoradh chun sclábhaíochta dream eile.

Tá torthaí na bpróiseas seo fós le brath i ngach gné de chultúr, sochaí agus polaitíocht SAM. Tá an ciníochas fite fuaite le saol laethúil SAM go fóill. Cé gur tháinig deireadh foirmiúil leis an sclábhaíocht in 1865 agus gur cuireadh an fhrithbheartaíocht bhundúchasach faoi chois ar deireadh in 1890 ag Wounded Knee, tá an meon a chuir bonn faoi na córais sin fós ann go smior i measc codanna móra den tsochaí.

Ar feadh níos mó ná 200 bliain bhí an ciníochas nasctha go dlúth le sochaí an Deiscirt. Sa chaoi chéanna, breathnaíodh ar na Bundúchasaigh mar dhream a gcaithfí fáil réidh leo chun “an náisiún” a leathnú amach. Fiú dá mbeadh an t-ádh ar na hAfrai-Mheiriceánaigh nó Bundúchasaigh a bheith “saor” ní raibh meas madra orthu sa tsochaí ná sa stát. Cuireadh na Bundúchasaigh go scoileanna cónaithe inar fáisceadh a gcultúr agus a dteangacha amach astu. Achtaíodh dlíthe Jim Crow i gcoinne na nAfrai-Mheiriceánach fiú i ndiaidh dheireadh chóras na sclábhaíochta.

Tá an creideamh i “ciníocha” bitheolaíocha, coincheap atá gan bunús eolaíoch, ar cheann de na hoidhreachtaí is contúirtí den sclábhaíocht. Ach glactar go forleathan leis an bhféinaithint chiníoch. Tá catagóirí amhail Geal, Dubh, Áiseach, agus Bundúchasach fós in úsáid, cé gur trí reachtaíocht choilíneach in Virginia agus Tuaisceart Carolina a cumadh iad an chéad lá. Ba é an creideamh san fhorchiníochas Geal agus an beag is fiú de dhaoine Dubha agus Bundúchasacha bunús chiníochas SAM.

Ní “rogha” a bhaineann leis an duine aonair é an ciníochas. I ndiaidh dó a bheith á threisiú ar feadh na nglúnta, feidhmíonn sé ar bhonn cultúrtha, institiúideach, agus ar bhonn aonair:

  1. Neartaíonn an ciníochas cultúrtha tuiscintí faoin gcéimlathas ciníoch sa saol laethúil
  2. Aistríonn an ciníochas institiúideach na tuiscintí sin, ar bhealach éagothrom, isteach i réimsí an oideachais, na tithíochta, na fostaíochta agus na póilíneachta.
  3. Coinníonn an ciníochas aonarach, bíodh sin go coinsiasach nó go fothchoinsiasach, na córais seo in situ

Nuair a thógtar na trí ghné seo san áireamh, bíonn praghas mór síceolaíochta agus sláinte le híoc acu siúd a fhulaingíonn dá bharr. Ar an mbealach seo, déantar gortuithe stairiúla na sclábhaíochta agus an chinedhíothaithe a threisiú sa lá atá inniu ann.

Tháinig an staraí Raphaël Lemkin aníos leis an téarma “cinedhíothú”. Agus é ag forbairt an téama, bhí staidéar ar scrios na mBundúchasach agus daoradh chun sclábhaíochta na nAfrai-Mheiriceánach ar bun aige. D’áitigh sé gur dhírigh an cinedhíothú ar ghrúpaí, seachas ar dhaoine aonair, agus é mar aidhm “cuid nó an t-iomlán acu a scrios”. Faoin sainmhíniú seo, is cinedhíothú a bhí sa sclábhaíocht agus i scrios na mBundúchasach.

Cuireadh bac ar sclábhaithe Afrai-Mheiriceánacha a dteangacha, ainmneacha agus reiligiún a úsáid, nó a gcultúr a choinneáil. Maraíodh iad nuair a dhiúltaigh siad. Fuair siad bás den ocras, deineadh ciapadh agus éigniú orthu agus cuireadh bac orthu clanna a thógáil. Díoladh páistí ar nós sclábhaí airnéise agus scaradh iad óna dtuismitheoirí.

Tagann na gníomhartha le sainmhíniú Lemkin ar an gcinedhíothú: marú baill ghrúpa, díobháil thromchúiseach a dhéanamh do chorp nó meabhair, cosc a chur ar bhreitheanna, agus páistí a aistriú trí fhórsa.

Tá ceist an raibh an rún ann dul i mbun an chinedhíothaithe, atá lárnach i sainmhíniú na Náisiún Aontaithe, soiléir sna taifid staire. Mhaígh úinéirí na sclábhaithe go hoscailte go raibh an ceart acu sa mhéid a rinne siad de bharr ísleacht na sclábhaithe. Chreid siad go raibh an bhrúidiúlacht a d’úsáid siad de dhíth agus chun leasa an chórais. Léiríonn lámhleabhair, litreacha agus tráchtaireacht phoiblí straitéisí soiléire chun na sclábhaithe a choinneáil faoi smacht.

Bhí pátrún den chineál céanna mar a bhain sé le léirscrios na mBundúchasach. Roimh theacht na nEorpach, meastar go raibh 2 mhilliún Bundúchasach ina gcónaí san áit a d’fhorbródh isteach sna SAM. Faoi 1890, ní raibh fágtha ach 8%-12% acu. Cé go raibh ról áirithe ag galair, ba iad na feachtais mhíleata, na háir, an t-aistriú trí fhórsa, agus goid talún a bhí mar an cor cinniúnach. Ceann i ndiaidh a chéile, chlis ar na náisiúin Bhundúchasacha, scriosadh a ndaonraí, agus cuireadh iad siúd a tháinig slán i bhfad ar shiúl óna dtailte dúchasacha.

Tá na héagóracha seo fós ina chnámh spairne agus ina cheist bheo nach bhfuil córas caipitlíoch-coilíneach SAM sásta, nó in ann fiú, a réiteach. Mar sin, ná ceiliúraimis 250 de SAM ná ról na nÉireannach a chruthaigh an impireacht sin. Seasaimis leis na pobail atá ag fulaingt go fóill de bharr na himpireachta agus gníomhaímis chun titim na himpireachta céanna a fheiceáil.


Is staraí gairmiúil é Kerron Ó Luain a bhain a chéim dhochtúireachta ó Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.