
Grianghraif: Nuala Holloway
Mar pháistí, thaitin na scéalta linn a d’inis ár dtuismitheoirí dúinn faoi chaisleáin agus faoi bhanphrionsaí. Bhí drogall orthu scéal a insint dúinn faoi chaisleáin ina raibh taibhsí. Bheadh eagla orthu imní a chur orainn agus sinn a choinneáil ó chodladh.
Le déanaí, thug mé cuairt ar Chaisleán Charleville, Tulach Mhór i gContae Uíbh Fhailí. Tá sé cáiliúil mar gheall ar a stair, a stíl Ghotach agus na rudaí neamhghnácha a bhíonn ag tarlú ansin ó am go ham. Deirtear go bhfuil taibhsí ann. Sa séú haois bhí an talamh mar chuid de shuíomh mainistreach a bhí ceangailte le mainistir cháiliúil Dharú. Tá scéalta ann, gur chleacht na draoithe a ndeasghnátha sna coillte. Ach níorbh iad na manaigh ná na draoithe an fhadhb ba mhó a bhí ann. Sa bhliain 1577, bhronn an Bhanríon Eilís 1 1,700 acra talún ar Thomas Moore as a sheirbhísí i dtaca le plandáil na hÉireann. Chuidigh sé le rialacha Shasana a chur i bhfeidhm in Éirinn. Le cumhacht ó Choróin Shasana, chuir sé na Taoisigh Ghaelacha faoi chois.
Ba ar na tailte seo a cuireadh tús le tógáil eastát Charleville. Mar a tharla, ba rud dearfach é sin do mhuintir na háite mar bhí siad fostaithe i bpoist éagsúla ar an eastát nuair nach raibh mórán deiseanna eile ann ag an am. Ba iad scileanna mhuintir na hÉireann ba chúis leis an gceardaíocht iontach a bhí i gceist le tógáil an chaisleáin. Ba shráidbhaile é Tulach Mhór ina raibh díonta tuí. Ba mhór an chabhair a thug Moore chun feabhas a chur ar an áit. De réir a chéile, cuireadh clár tógála i bhfeidhm ina raibh foirgnimh níos mó agus sráideanna níos leithne.
Rinneadh Iarla de dhuine amháin de chuid theaghlach Moore ach chuaigh an teideal in éag i 1764 mar gheall ar easpa oidhrí sa líne fhireann. Ba é a gharnia, Charles William Bury a tháinig mar úinéir nua ar eastát Charleville. Rinneadh an 1ú Iarla Charleville de i 1806. Bhí suim mhór aige i dtógáil caisleán. Ba é Francis Johnstone a ailtire, an fear a dhear Ard-Oifig an Phoist i mBaile Átha Cliath. Cuireadh tús le tógáil an chaisleáin i 1798 agus críochnaíodh é sa bhliain 1812. Dearadh é mar cheanncheathrú chumhachtach sa Lár Tíre, ag ceiliúradh bhua na Breataine i gcoinne na bhFrancach. D’fhan an caisleán ina theach cónaithe ag an teaghlach ar feadh níos mó ná céad bliain.
Ach, ba é an tragóid ba bhrónaí a tharla sa teaghlach ná cailliúint cailín álainn, ocht mbliana d’aois darbh ainm Harriet sa bhliain 1861. Ba í an iníon ab óige de chuid an 3ú hIarla Charleville, agus fuair sí bás i dtimpiste sa chaisleán. Cuireadh Harriet suas staighre chun a lámha a ní sula n-íosfadh sí béile. Bhí féith an ghrinn ag an gcailín óg agus cheap sí go mbeadh sé spraíúil bealach mórthaibhseach a dhéanamh ar a filleadh, trí shleamhnú síos an bhalastráid. Chaill sí a greim agus thit sí ar an urlár crua. Fuair sí bás go gairid ina dhiaidh sin. Bhí a muintir cráite faoina cailliúint. Cuireadh ráille suas ar an staighre. Baineadh é sin blianta níos déanaí ach tá na gearrthacha fós le feiceáil san áit a raibh an ráille ceangailte.
Leanann taibhse Harriet ar aghaidh sa chaisleán inniu. Tá go leor scéalta le hinsint faoin gcailín óg álainn. Braitheann cuairteoirí a láithreacht agus iad ag dreapadh na staighrí. Deir cuid acu go bhfaca siad a scáthchruth taibhsiúil ag léim tharstu. Chuala daoine eile cailín beag agus gúna gorm agus bán uirthi agus í ag gáire nó ag screadaíl.
Ón nóiméad a théann tú isteach i ngeata Chaisleán Charleville, tá a fhios agat go bhfuil tú in áit shuimiúil. Ar dheis, seasann an ‘Dair Rí’ cháiliúil. Meastar go bhfuil sé naoi gcéad bliain ar a laghad, rud a fhágann gurb é ceann de na crainn is sine in Éirinn é. De réir piseog a bhaineann leis an gcrann, dá dtitfeadh ceann de na craobhacha ar bhall de theaghlach Bury go bhfaigheadh sé bás. Dheimhnigh bás Charles Howard Bury i 1963 an rud taibhsiúil seo. Bhuail tintreach an crann agus cailleadh craobh amháin nó níos mó. Mhair an crann ach fuair Charles Howard Bury bás cúpla seachtain ina dhiaidh sin. Ba é an duine deireanach den teaghlach é.
Tá macalla ag baint leis na coillte ina gcluintear cágaíl leanúnach ard na bpréachán agus na gcág. Cuireann a gcuid fuaimeanna leis an uaigneas agus leis an bhfuinneamh scanrúil san áit uathúil seo.
Inniu, seasann caisleán Charleville amach mar gheall ar a ailtireacht iontach, a athchóiriú faoi stiúir oibrithe deonacha, a bhéaloideas agus mar áit ina bhfuil taibhsí.
Is múinteoir meánscoile, ealaíontóir, scribhneoir agus staraí í Nuala Holloway a bhfuil BA, Ard-Dioplóma san Oideachas agus MA aici.