
Ar chúl: Colm Ó hEartáin (Corca Dhuibhne, Ciarraí), Éilis Ní Ruiséil (Gort an Choirce, Dún na nGall), Colm de Buitléar (An Cheathrú Rua, Gaillimh), Dr. Odharna Ní Dhomhnalláin (Ros Muc, Gaillimh)
Rinneadh ceiliúradh ar chúigear mac léinn ar bronnadh Scoláireacht Ghaeltachta 2026 orthu ag ócáid a reáchtáladh in oifigí Údarás na Gaeltachta sna Forbacha, Contae na Gaillimhe. Tháinig ionadaithe ó Údarás na Gaeltachta, ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) agus ón Roinn Forbartha Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta le chéile chun aitheantas a thabhairt do na scoláirí agus dá dtiomantas don Ghaeilge agus don earnáil sláinte.
Tá an Scéim Scoláireachta Gaeltachta dírithe ar mhic léinn ollscoile ón nGaeltacht atá ag déanamh staidéir ar chúrsaí sláinte. Is é príomhaidhm na scéime tacú le gairmithe sláinte a bheidh in ann seirbhísí a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge i bpobail Ghaeltachta.
Dúirt Rónán Mac an Iomaire, Stiúrthóir Forbartha Réigiúnaí, Pobail agus Pleanála Teanga le hÚdarás na Gaeltachta, gur buncheart do mhuintir na Gaeltachta cúram sláinte a fháil trí Ghaeilge. Mhol sé na mic léinn as a ndíograis don teanga agus dá bpobail féin.
Dúirt Jonathan Hoare, Stiúrthóir Réigiúnach Cumarsáide agus Gnóthaí Poiblí leis an FSS san Iardheisceart, gur infheistíocht i dtodhchaí an chúraim sláinte sna ceantair Ghaeltachta í an scéim, agus go gcabhróidh sí le seirbhísí níos inrochtana agus níos fearr a fhorbairt do phobail Ghaeilge.
I measc na scoláirí a fuair scoláireacht i mbliana tá Colm de Buitléar ón gCeathrú Rua, Éilís Ní Ruiséil as Gort an Choirce, Colm Ó hEartáin as Corca Dhuibhne, Leah Nic Dhonnacha as Camus Uachtair agus Siona Ní Chonghaile as Inis Mór. Tá siad ag tabhairt faoi chéimeanna sa leigheas agus san altranas in institiúidí tríú leibhéal éagsúla.
Bronnadh teastais chomh maith ar bheirt alumni de chuid na scéime, an Dr Odharna Ní Dhomhnalláin as Ros Muc agus Fedelma Ní Ráighne as Indreabhán, mar aitheantas ar a gcuid éachtaí ó fuair siad tacaíocht faoin scéim.
Áirítear leis an scoláireacht deontas €4,000 sa bhliain do mhic léinn i mblianta a dó go ceathair dá gcúrsaí. Ní mór d’iarratasóirí a bheith líofa sa Ghaeilge, a bheith as an nGaeltacht agus cláraithe ar chúrsa fochéime i réimse na sláinte. Tá sé mar aidhm ag an tionscnamh cur le líon na ngairmithe sláinte a bheidh in ann freastal ar phobail Ghaeltachta trí mheán na Gaeilge.