Toghchán na Bolaive, 2005

An Dr Kerron Ó Luain

Evo Morales i 2011
Íomha: Roberto Stuckert Filho/PR

Ba ré nua é don Bholaiv nuair a bhuaigh Evo Morales toghchán uachtaránachta na tíre in 2005. Bundúchasach ba ea Morales a bhí ina cheannaire ceardchumainn agus ina cheann feadhna ar ghluaiseacht na bhfásaithe cóca. 

Léirigh na pobalbhreitheanna díreach tar éis na vótála go raibh 51% den vóta buaite ag Morales. Toradh stairiúil a bhí ann. Ba é Morales an chéad uachtarán dúchasach ar stát ina raibh tromlach soiléir ag na bundúchasaigh. Ghéill an t-iomaitheoir is gaire dó, Jorge Quiroga de chuid na heite deise láir, nuair ba léir go raibh Morales go mór chun cinn.

Reáchtáladh an toghchán agus cosmhuintir na tíre dubh dóite le polasaithe nualiobrálacha an rialtais le traidhfil de bhlianta. Gheall feachtas Morales go ndéanfaí fás cóca dleathach, go dtabharfaí acmhainn gáis agus ola na tíre isteach in úinéireacht phoiblí, agus go ndéanfaí athdháileadh maoine tráth a raibh an Bholaiv ar cheann de na tíortha ba bhoichte sa Mhórchríoch. Thacaigh muintir na tuaithe, ceardchumainn, agus bundúchasaigh, a coinníodh amach ón gcumhacht go dtí sin, le feachtas Morales.

Bhí ceiliúradh ann ar fud na tíre nuair a bhuaigh Morales, agus d’fhógair a lucht tacaíochta go raibh tús á chur le “stair nua” don Bholaiv. Ón tús bhí Stáit Aontaithe Mheiriceá ag bagairt ar an tír. Sheas Morales le Hugo Chávez agus ceannairí eile de chuid na dtonn bándearg. Dhiúltaigh siad don chlár saorthrádála a bhrú Stáit Aontaithe Mheiriceá ar Mheiriceá Theas.

Tá roinnt cúiseanna go bhfuil ag trá ar an tonn bhándearg i Meiriceá theas le blianta beaga anuas, cé nach bhfuil an cogadh caillte go fóill. Ach is iad coups agus feachtais bagartha agus smachtbhannaí SAM cúis le go leor den chúlú.

Le roinnt seachtainí anuas, chuir rialtas na heite dheise, a mhaíonn gur “lárnaigh” iad, sa Bholaiv dlíthe éigeandála i bhfeidhm anuas de bharr éirí amach na cosmhuintire ina éadan. Bhí “an caipitleachas do chách” mar mhanna ag an Uachtarán Rodrigo Paz le linn a fheachtais toghchánaíochta in 2025. Feictear an patrún seo arís agus arís eile; nuair a éiríonn gnáthdhaoine amach i gcoinne polasaithe na déine, déanann an stát cos ar bolg orthu. 

Tá bundúchasaigh na Bolaive go mór chun cinn ag cur i gcoinne an rialtais. Tá na bundúchasaigh i gcroílár na ngluaiseachtaí sóisialta sa tír le fada. Le roinnt seachtainí anuas tá an tír curtha faoi imshuí acu, tá cruinnithe poiblí glaoite acu agus tá siad chun cinn i gcosaint a bpobail ó lámh láidir an stáit.

Tá comhthéacs níos doimhne i gceist leis an ngéarchéim. Tá SAM tar éis na mblianta a chaitheamh ag déanamh beag is fiú de dhaonlathas na Bolaive. Tá feachtas curtha ar bun ag SAM chun an bonn a bhaint ón stát de bharr ceannairí den eite chlé a bheith i gcumhacht. Tugtar tacaíocht d’éilítí geala a bhfuil an ghráin acu ar chultúr, seilbh thalún, agus teangacha na mbundúchasach.

Tarlaíonn sé seo go minic i Meiriceá Theas. Nuair a théann rialtais i ngleic leis an gcaipitleachas atá ag réabadh a dtíortha, déanann Washington beag is fiú den fhlaitheas. Léiríonn an ráiteas a rinne Elon Musk, an chéad trilliúnaí ar domhan, a dúirt “déanfaimid coup ar cibé daoine is mian linn” le linn aighneas faoin litiam sa Bholaiv, an dlúthnasc idir an chumhacht chorparáideach agus impiriúlachas Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Tá pobal dúchasach atá ag cur i gcoinne na déine sa Bholaiv agus Meiriceá Theas ag seasamh i gcoinne an impiriúlachais chomh maith. Ní mór seasamh leo. Thiar in 2021 reáchtáil Misneach ócáid dlúthpháirtíochta leis an bpobal Quechua sa Bholaiv inar fhoghlaim Gaeil faoi streachailtí teanga an dreama sin. An bhliain seo caite chuaigh baill Ghlór na Móna ar thuras dlúthpháirtíochta go bundúchasaigh san Amasóin. Is maith naisc den sórt seo a chothú, óir tá ár naimhde eagraithe go hidirnáisiúnta. Ní mór do Ghaeil, pobail mhionlaigh teanga agus araile, agus cosmhuintir an domhain feidhmiú as lámha a chéile má táimid leis an gceann is fearr a fháil ar lucht ceannasaíochta an domhain, leithéidí Musk agus an aicme sin a thug cuairteanna rialta ar Oileán Epstein.


Is staraí gairmiúil é Kerron Ó Luain a bhain a chéim dhochtúireachta ó Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.