Borradh nua faoi dhrámaíocht na Gaeilge i gCaisleán an Bharraigh

Chuir an compántas nua drámaíochta, Ardán Mhaigh Eo, a gcéad ndráma Na Spéaclaí Draíochta ar stáitse i Halla an Línéadaigh i gCaisleán an Bharraigh le déanaí ar an 18 Meitheamh. 

Bhí an amharclann dubh le daoine a bhain an-sult as an scigdhráma seo agus bhí an lucht féachana sna trithí gáire go minic. 

Is le tacaíocht ón Oireachtas a chuir an Baile Seirbhíse Gaeltachta, Caisleán an Bharraigh i gcomhar le Conradh na Gaeilge an dráma seo ar stáitse.

Chuir Banna Céilí Mheánscoil Naomh Iósaf, Ceoltóirí Ghaelscoil Raifteirí agus an damhsóir Liam Ó Scanláin go mór leis an oíche chomh maith.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.