Ceolchoirm mhór leis na hamhráin is ansa leis na Gaeil le reáchtáil i nGort an Choirce

Cóisir Cheoil RTÉ Raidió na Gaeltachta beo le Ceolfhoireann Choirme RTÉ i Stiúideo a hAon i nDomhnach Broc Dé Máirt seo caite
Grianghraf: Donal Glackin

Beidh RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Ceolfhoireann Choirme RTÉ ag tabhairt ómós do shaibhreas an cheoil Gaeilge i gceolchoirm speisialta nua a reáchtálfar i dTeach Pobail Chríost Rí i nGort an Choirce, Co. Dhún na nGall, ar an 7 Deireadh Fómhair 2026.

Tá an cheolchoirm, dar teideal Amhrán RnaG – An tAmhrán is Ansa Linn, bunaithe ar fheachtas náisiúnta a reáchtáladh ar an gclár Cóisir Cheoil, inar iarradh ar éisteoirí na hamhráin Ghaeilge is mó a thaitníonn leo a ainmniú. Beidh an ócáid mar chuid de chomóradh céad bliain RTÉ agus den chlár imeachtaí a bhaineann le huachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh.

Fógraíodh an cheolchoirm le linn eagrán speisialta de Chóisir Cheoil a craoladh beo ó Stiúideo a hAon i nDomhnach Broc an tseachtain seo caite. Ar an gclár sin nocht Dónall Mac Ruairí liosta na 40 amhrán is ansa leis na Gaeil, mar a roghnaíodh iad trí phróiseas moltóireachta a mhair roinnt seachtainí.

Mar réamheolas ar an gceolchoirm mhór rinne roinnt de na hamhránaithe óga is cumasaí sa tír léirithe beo in éineacht leis an gCeolfhoireann. Chuir Méabh Ní Bheaglaoich an lucht féachana faoi dhraíocht lena leagan mothálach de Bruach na Carraige Báine, in ómós dá hathair, Séamus Ó Beaglaoich. Sheinn na deirfiúracha ó Ráth Chairn, Máire agus Étáin Ní Churraoin, Óró Sé do Bheatha ’Bhaile, agus thug Piaras Ó Lorcáin as Ard Mhacha léiriú ar an seanamhrán Oirialla Seán Gabha.

Fuarthas na céadta moltaí ó éisteoirí mar chuid den fheachtas #AmhránRnaG. Rinne painéal saineolaithe ceoil, ina raibh Síle Denvir, Colm Mac Con Iomaire, Fiachna Ó Braonáin, Áine Hensey, Aoife Ní Fhearraigh, Ciarán Ó Gealbháin agus Neansaí Ní Choisdealbha, measúnú ar na hiarrthóirí agus roghnaíodh na hamhráin de réir córas márcála neamhspleách.

Dúirt Gearóid Mac Donncha, Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta, gur cuid lárnach de shaol na Gaeilge iad na hamhráin agus na hamhránaithe a bhí le cloisteáil ar an stáisiún ó bunaíodh é in 1972. Dúirt sé go dtabharfaidh an tionscnamh seo deis ceiliúradh a dhéanamh ar an saibhreas cultúrtha atá ag pobal na Gaeilge agus ar an tallann atá fós ag bláthú sa lá atá inniu ann.

Tá ticéid don cheolchoirm ar fáil anois trí Eventbrite ag https://www.eventbrite.com/e/coisir-cheoil-an-tamhran-is-ansa-linn-tickets-1991371831755

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.