
Nochtadh stampa speisialta de chuid An Post chun 75 bliain de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann a chomóradh ag searmanas ar an 17 Meitheamh. Bhí an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan, TD, an tAire Stáit Charlie McConalogue, TD, Ardstiúrthóir Chomhaltas Ceoltóirí Éireann, Labhrás Ó Murchú, agus Uachtarán na heagraíochta, Attracta Ní Bhrádaigh, i láthair ag an ócáid. Beidh an stampa nua ar fáil ón 18 Meitheamh.
Ag labhairt dó ag an seoladh dúirt Patrick O’Donovan gur chuir Comhaltas Ceoltóir Éireann go mór le hathbheochan cheol agus dhamhsa traidisiúnta na hÉireann ó bunaíodh é i Muileann gCearr in 1951. Mhol sé obair na heagraíochta i réimsí an oideachais agus na hoiliúna, ag rá gur chuidigh sí le deireadh a chur leis an meath a bhí tagtha ar na healaíona traidisiúnta agus gur chinntigh sí todhchaí láidir dóibh.
Dúirt Charlie McConalogue go bhfuil Comhaltas Ceoltóirí Éireann anois ina ghluaiseacht idirnáisiúnta a thugann daoine le chéile chun ceol, amhránaíocht, damhsa agus an Ghaeilge a chleachtadh. Thug sé suntas don obair atá déanta ag an eagraíocht i measc phobal na hÉireann thar lear, go háirithe sa Bhreatain agus sna Stáit Aontaithe.
Mhínigh Labhrás Ó Murchú gur aitheantas é an stampa ar an tiomantas agus ar an deonachas atá á léiriú ag na glúnta de bhaill Chomhaltas Cheoltóirí Éireann le 75 bliain anuas. Dúirt sé gur éirigh leis an eagraíocht cultúr na hÉireann a thabhairt chuig an ardán idirnáisiúnta agus go bhfuil sé d’aidhm acu anois glúnta nua a spreagadh le páirt a ghlacadh sna traidisiúin chéanna.
Chruthaigh stiúideo Designworks dearadh an stampa, a léiríonn fidil stíleáilte déanta as paistí éagsúla datha agus uigeachta. Léiríonn na codanna éagsúla pobail, traidisiúin agus eispéiris éagsúla Chomhaltas Ceoltóirí Éireann.
Dúirt Oifigeach Gaeilge An Post, Críostóir Mac Cafraidh, gur ceiliúradh é an stampa ar an obair atá déanta ag Comhaltas Ceoltóirí Éireann chun cultúr na hÉireann a chur chun cinn trí cheol, teanga, oideachas agus fleánna. Tá an stampa aonair ar ráta N, a chlúdaíonn postas ar oileán na hÉireann, ar fáil anois ó oifigí poist roghnaithe agus le clúdach speisialta an chéad lae.