Bacainní digiteacha fós ag cur isteach ar dhaoine a bhfuil caillteanas radharc na súl acu

Rannphairtí taighde ag an NCBI i dTamhlacht, Baile Átha Cliath, i 2021.
Grianghraf: Harry Murphy/Sportsfile

Tá bliain caite ó tháinig an tAcht Eorpach Inrochtaineachta i bhfeidhm, ach léiríonn taighde nua ó Vision Ireland go bhfuil an domhan digiteach fós deacair nó dodhéanta a úsáid ag formhór na ndaoine atá dall nó a bhfuil lagú radhairc orthu.

De réir na dtorthaí, níor thug ach 3% de na rannpháirtithe faoi deara feabhas suntasach ar inrochtaineacht suíomhanna gréasáin agus seirbhísí digiteacha ó cuireadh an reachtaíocht i bhfeidhm i mí an Mheithimh 2025. Dúirt 43% nach raibh aon fheabhas tagtha ar chúrsaí, agus dúirt beagnach duine as gach triúr nach raibh siad fiú ar an eolas faoin acht.

Léiríonn an taighde go mbíonn deacrachtaí ag go leor daoine agus iad ag iarraidh úsáid a bhaint as an idirlíon. Dúirt duine as gach ceathrar go mbíonn suíomhanna gréasáin “deacair uaireanta” le húsáid, agus dúirt 8% go mbíonn siad “deacair go minic” agus go mbíonn cúnamh de dhíth orthu. Dúirt 7% eile nach féidir leo an t-idirlíon a úsáid go neamhspleách ar chor ar bith.

Dúirt Chris White, Príomhfheidhmeannach Vision Ireland, go bhfuil an bhearna idir an reachtaíocht agus an taithí laethúil róshoiléir anois. “Bhí sé mar aidhm ag an Acht Eorpach Inrochtaineachta bacainní a bhaint, ach tá na bacainní céanna fós roimh dhaoine gach uair a théann siad ar líne,” a dúirt sé.

In ainneoin na bhfadhbanna atá á dtuairisciú, níor cláraíodh ach 56 gearán faoin Acht sa chéad bhliain dá fheidhmíocht. Deir Vision Ireland nach léiríonn an líon íseal sin fíormhéid na faidhbe, ach easpa feasachta ar an reachtaíocht agus ar an bpróiseas gearán.

Tá Vision Ireland anois ag impí ar eagraíochtaí a gcuid ardán digiteach a mheas agus na lochtanna is coitianta a cheartú, amhail codarsnacht lag dathanna, easpa cur síos ar íomhánna agus foirmeacha nach bhfuil inrochtana do léitheoirí scáileáin. Dar leis an eagraíocht, ní hamháin gur ceist chuimsithe í seo, ach ceanglas dlí freisin.