An fhírinne ag teacht salach ar bholscaireacht na hÚcráine

Eoin Ó Murchú

Deirtear gurb í an fhírinne an chéad íospartach den chogadh, agus ní raibh sé sin níos fíre in áit ar bith ná i ndáil le cogadh na hÚcráine. Ní phléitear fíorleasanna na Rúise go deo, mar is fusa an scéal go léir a scriosadh mar impiriúlachas seanchaite, agus déantar neamhaird ar ról ECAT in coup na hÚcráine in 2014 agus sa chaoi ar shín sé é féin go teorainneacha na Rúise.

Ba mhaith le meáin na hEorpa go gcreidfimis go bhfuil geilleagar na Rúise ar tí titim, in ainneoin ardú phraghas an ola,agus go bhfuil an Úcráin ag athshealbhú críche ar an bhfronta. 

Níl na nithe seo a mhaítear fíor 

Is é an fhírinne gur tháinig moilliú ar ionsaí na Rúise ar an iomlán, ach go leanann sé ar aghaidh i réimse ríthábhachtach amháin, ar an mbealach i dtreo Kramatorsk, cathair i réigiún Donbas. Cheana féin tuairiscítear go bhfuil fórsaí na Rúise i ndiaidh briseadh isteach in Kostiantynivka.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.