Cúrsa speisialta i nGaeilge Mhanann do Ghaeilgeoirí na hÉireann ar Oileán Mhanann

Cóilín Duffy

Beidh deis ar leith ag cainteoirí Ghaeilge na hÉireann blaiseadh a fháil ar Ghaeilge Mhanann i rith Scoill Souree 2026, scoil samhraidh bhliantúil Culture Vannin ar Oileán Mhanann. Den chéad uair cuirfear cúrsa Manainnise ar fáil trí mheán Ghaeilge na hÉireann ar Oileán Mhanann, rud a thabharfaidh deis do chainteoirí Ghaeilge na hÉireann eolas a chur ar an ngaol idir an dá theanga Ghaelacha.

Beidh an Scoill Souree ar siúl ón 27 go dtí an 31 Iúil, agus beidh an cúrsa do chainteoirí Ghaeilge na hÉireann ar siúl idir Dé Máirt an 28 Iúil agus Dé hAoine an 31 Iúil. Reáchtáiltear an scoil i gcomhthráth le féile Yn Chruinnaght Celtic Gathering sa bhaile cois farraige Purt ny h-Inshey, áit a mbeidh ceol, damhsa, léachtaí agus imeachtaí cultúrtha ar siúl i rith na seachtaine.

Ag labhairt le An Páipéar dúirt Ruth Keggin Gell, Oifigeach Forbartha Ghaeilge Mhanann le Culture Vannin, gur smaoineamh a tháinig léi agus í ina mac léinn ollscoile a spreag an tionscnamh.

“Nuair a bhí mé ar chúrsa i nGaeilge in Albain bhuail mé le daoine as Éirinn a bhí ag foghlaim Ghaeilge na hAlban trí Ghaeilge na hÉireann. Shíl mé ansin go mbeadh sé iontach Gaeilge Mhanann a mhúineadh trí Ghaeilge, ach ní raibh scoil samhraidh ann ag an am,” a dúirt sí.

Mhínigh sí gur seoladh an Scoill Souree in 2023 le dhá chúrsa go díreach, ach go bhfuil ocht gcúrsa ar fáil anois. Dar léi, is céim nua spreagúil é an cúrsa do chainteoirí Ghaeilge na hÉireann.

“Táimid an-tógtha leis. Tá Natalie Simpson ina múinteoir den scoth. Rinne sí a dochtúireacht trí Ghaeilge agus d’aistrigh sí leabhair ar nós The Gruffalo go Gaeilge Mhanann. Tá nasc láidir aici leis an dá oileán agus leis an dá theanga,” a dúirt sí.

Dúirt Ruth go mbeidh béim ar labhairt, ar éisteacht agus ar thuiscint litriú na Manainnise. Cé go bhfuil cuma éagsúil ar an scríobh, tá cosúlachtaí suntasacha idir na teangacha.

“Tagann an Mhanainnis ón tSean-Ghaeilge agus deir go leor foghlaimeoirí go gcabhraíonn sí leo tuiscint níos fearr a fháil ar Ghaeilge na hÉireann agus Gaeilge na hAlban. Tá fuaimeanna agus struchtúir an-chosúil eatarthu,” a mhínigh sí.

Beidh na ranganna ar siúl in Ardscoil na Banríona Eilís II in Purt ny-hInshey, agus gheobhaidh gach rannpháirtí ábhar foghlama, sólaistí agus teastas críochnaithe. Cosnaíonn gach cúrsa £150, agus tá líon teoranta áiteanna ar fáil. Tá scoláireachtaí ar fáil freisin do mhic léinn lánaimseartha agus dóibh siúd atá ar ioncam íseal.

Tá súil ag lucht eagraithe na scoile go meallfaidh an cúrsa nua Gaeilgeoirí ó Éirinn agus go neartóidh sé na ceangail idir pobail Ghaelacha na hÉireann agus Oileán Mhanann.

Is féidir clárú don chúrsa ag: https://bookwhen.com/culturevannin/e/ev-solvx-20260727093000

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.