Tá go leor cainte ann faoi láthair faoin ngníomh is déanaí de chuid an Aontais Eorpaigh, tobhach a chur ar earraí ón tSín. Níl aon amhras ann ach go gcuirfidh sé seo brú ar an bpobal i dtaobh costais mhaireachtála de. Tá an tAontas Eorpach ag rá go bhfuil siad ag iarraidh an mearfhaisean a laghdú, ach níl siad ag spreagadh éadaí inbhuanaithe ón Eoraip ina ionad. Deir siad go bhfuil éagothroime thrádála ann idir an tSín agus an tAontas Eorpach. Is é seo an phríomhchúis go bhfuil an beart seo á dhéanamh ag an Aontas Eorpach. Ní maith leo iomaíocht. Is é atá íorónta faoi seo ná gurb é an tAontas Eorpach is mó a thacaíonn leis an domhandú ó bunaíodh é. Caithfimid a bheith fírinneach, is polasaí caomhnaitheach é an tobhach seo. Bhí an tAontas Eorpach ag gearán faoina leithéid chéanna de pholasaí anuraidh ag Stáit Aontaithe Mheiriceá nuair a chuir siadsan táillí i bhfeidhm ar earraí isteach. Is fimíneacht atá i gceist.  

Dála an scéil níl mise i bhfabhar an domhandaithe. Tá sé ag cruthú neamhionannais timpeall an domhain, go háirithe i dtíortha atá i mbéal forbartha. Ba chóir do thrádáil an domhain a bheith cothrom. Tóg mar shampla an Comhbheartas Talmhaíochta. Tá an Eoraip ag díol earraí talmhaíochta fóirdheontais leis an Afraic atá níos saoire ná na hearraí talmhaíochta a tháirgtear san Afraic féin. Chomh maith leis sin tá ollcomhlachtaí, ón Iarthar de ghnáth, ag úsáid cleasa chun acmhainní agus saothar a fháil chomh saor agus is féidir ó thíortha i mbéal forbartha, rud nach bhfuil chun leasa do na daoine sna tíortha sin. An raibh a fhios agat gurb í an Ghearmáin an trádálaí is mó caife ar domhan seachas an Aetóip nó an Chéinia mar ba chóir?

Tá an mearfhaisean ina fhadhb a chaithfear a réiteach. Ach ní fiú tobhaigh a chur ar earraí don ghnáthdhuine. Ba chóir tobhaigh a chur ar na comhlachtaí a chruthaíonn an mearfhaisean seo. Chomh maith leis sin, ba chóir feachtas fógraíochta a chruthú ag léiriú damáiste an mhearfhaisin. Agus ba chóir tionscal dúchasach éadaí inbhuanaithe a chruthú. Ba chóir an tionscal sin a fhorbairt chun ní hamháin an mearfhaisean a stopadh, ach ár náisiúntacht a léiriú trí éadaí dúchasacha a chaitheamh mar a mhol Dúbhghlas de hÍde ina óráid cháiliúil The Necessity for De-Anglicising Ireland. 

Caoimhín Ó Cadhla

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.