Tá an sléacht ag Rath na Croiche, ar Churrach Chill Dara, ar an 29 Bealtaine 1798 ar cheann de na sléachtanna ba mheasa a tharla le linn Éirí Amach na nÉireannach Aontaithe. Cé gur aontaíodh téarmaí idir na reibiliúnaigh agus fórsaí na corónach agus go raibh na reibiliúnaigh gan airm agus iad ag iarraidh géilleadh, rinneadh na céadta acu a mharú.
Bhí Cill Dara tar éis éirí amach go láidir chun tacú leis na hÉireannaigh Aontaithe in 1798. Bhí leithéidí an Tiarna Edward Fitzgerald, a raibh tailte fairsinge aige sa chontae, ag polaitiú a thionóntaí le blianta beaga roimhe sin. Anuas air sin, bhí líonraí láidre de Chosantóirí, eagraíocht rúnda de chuid na cosmhuintire Caitlicí, ag feidhmiú ó thús na 1790í, i dtuaisceart agus iarthar an chontae go háirithe. Bhí Éireannaigh Aontaithe ag scaipeadh bolscaireacht ó Bhaile Átha Cliath isteach sa chontae i rith an ama chomh maith, rud a chabhraigh chun daoine a slógadh. Faoi 1795, nuair a chur Caisleán Bhaile Átha Cliath agus rialtas Shasana na hÉireannaigh Aontaithe faoi chois, bhí na Cosantóirí sásta dul i mbun comhghuaillíochta leo.
Mar sin, bhí an contae eagraithe go maith faoi 1797 agus tús 1798. D’éirigh leis na hÉireannaigh Aontaithe Baile na Corrchoille, Ráth Iomgháin agus Claonadh a ghabháil thart ar an 24 Bealtaine. Sa Chorchoill d’éirigh leo an bheairic a scrios agus an Captaen Swayne, a raibh droch-cháil amach air sa cheantar as a bhrúidiúlacht, a mharú. Bhí stráicí móra den chontae faoi smacht na reibiliúnach ar feadh níos faide ná seachtaine.
Ach de réir mar a chlis ar an éirí amach, de bharr easpa arm, spiaraí, agus chumhacht na himpireachta, chuaigh cinnirí Chill Dara i mbun idirbheartaíochta leis an Leifteanant Ginearál Sir Ralph Dundas. Gheall Dundas go scaoilfí na reibiliúnaigh a leag síos a n-airm slán abhaile.
Ar an 29 Bealtaine tháinig na mílte reibiliúnaigh le chéile ag Ráth na Croiche chun a airm a thabhairt uathu. Ach ní raibh aon radharc ar Dundas. Ina áit siúd tháinig an Ginearál Sir James Duff, a raibh cáil amach air as a bhrúidiúlacht, i láthair leis an mílíste agus marcshlua, ina measc Roden’s Foxhunters, reisimint a raibh míchlú orthu as an bhforéigean seicteach. Dúirt finnéithe ar ball go raibh na Foxhunters ag siúl tríd an gcontae an oíche roimh ré agus iad dallta ar meisce, ag maíomh go “ndéanfaidís sléacht ar an Cropaithe an lá arna mhárach ar an gCurrach”.
I ndiaidh do na reibiliúnaigh a airm a thabhairt dóibh thug Duff an t-ordú dá bhfórsaí iad a thimpeallú. Ansin tugadh an t-ordú “ruathar a dhéanamh agus gan reibiliúnach a spáráil”. Tharla sléacht ansin inar maraíodh 350 fear gan airm agus iad ag iarraidh teitheadh. Dár le cuntais áirithe maraíodh níos mó ná sin. Mhaígh Duff ar ball gur fhág sé “500 reibiliúnach ag tuaradh ar an gCurrach”. Is éard a bhí i gceist leis an “tuaradh” ná go mbeadh na corpáin ag éirí geal sa ngrian agus go bhfágfaí iad chun lobhadh gan iad a chur sa chré.
Bhí tionchar ollmhór ag an sléacht ar an bpobal áitiúil. Fágadh 85 baintreach mná ar shráid amháin. Laistigh de dheich míle den Churrach ba bheag teaghlach nach raibh faoi scamaill bhróin. Cuireadh roinnt de na híospartaigh i gCill Daingin, an Mhainistir Liath agus an Urnaí ar deireadh.
Ní dhearna bunaíocht na Breataine cáineadh ar bith ar Duff. A mhalairt, cuireadh mórshiúil ceiliúrtha ar bun dó i mBaile Átha Cliath an lá dár gcionn.
Is dual do staraithe coimeádacha agus athbhreithnitheacha leithscéal a dhéanamh ar son sléachtaí amhail Shléacht Ráth na Croiche. Maíonn siad gur gá breathnú ar “chomhthéacs an ama”, “eiticí éagsúla cogaíochta arbh ann dóibh an tráth sin” agus mar sin de. Ach is freagra iad sléachtaí impiriúlacha ar an dúshlán a thugtar don chumhacht impiriúlach. Cháin daoine áirithe ag an am sléachtaí le linn 1798, rud a léirigh nach rud “normálta” a bhí iontu. Ar an Mór-Roinn san ochtú haois déag bhí comhthuiscint cogaíochta ann nach ndéanfaí sléacht ar shaighdiúirí a ghéill, sibhialtaigh a mharú agus go gcloífí le téarmaí géillte.
Ach chinn na Sasanaigh na rialacha seo a bhriseadh le linn na 1790í mar bhí bagairt ann don stát coilíneach. Léirigh mar a chaith fósaí na corónach ar bhealach níos fearr leis na Francaigh a tháinig ag deireadh 1798 go bhféadfaidís cloí le rialacha idirnáisiúnta dá mba mhian leo. Ach breathnaíodh ar na reibiliúnaigh mar thréatúirí gur mithid a chur faoi chois.
Nuair a neartaíodh an stát coilíneach teicnealathach sa naoú aois déag in Éirinn trí mhéadú ar chóras na gcúirteanna, leathnú ar fhórsaí na bpóilíní agus líon na príosúin a mhéadú, agus mar sin de, ní raibh gá le sléachtaí chun an bhagairt don chumhacht a chur faoi chois. Mar sin, ba leor sampla a dhéanamh de na cinnirí náisiúnta trí iad a chur chun na hAstráile ar nós na hÉireannaigh Óga nó iad a chur chun báis ar nós lucht 1916.