Tá Gaelic Football Laochra eisithe go hoifigiúil anois tar éis dó teacht amach ag meán oíche Déardaoin, agus is é seo an chéad chluiche nua peile Gaelaí le breis agus fiche bliain. Tá an cluiche ar fáil ar Xbox Series S/X, PS5 agus Steam ar phraghas €30.
An comhlacht Buck Eejit Games i mBéal Feirste a d’fhorbair an cluiche agus tá súil acu spórt náisiúnta na hÉireann a thabhairt ar ais go saol na bhfíschluichí. Tá modh gairme, cluichí comórtais agus ilimirt áitiúil mar chuid den chluiche, chomh maith le tráchtaireacht ó Michael D McAndrew agus fuaimrian ina bhfuil ceoltóirí Gaeilge ar nós Huartán agus IMLÉ.

Tá na chéad léirmheasanna measctha, áfach. Ar Reddit, rinne roinnt imreoirí gearán faoi fheidhmíocht an chluiche, le duine amháin ag rá go raibh sé “uafásach” agus go raibh an cluiche ag rith go mall le fabhtanna éagsúla. Luaigh daoine eile go raibh scáileán dubh le feiceáil tar éis nuashonraithe.
Ar Steam bhí tuairimí níos dearfaí le feiceáil faoi chroí-imirt an chluiche, cé go raibh cáineadh ann faoin bpraghas agus faoin easpa gnéithe nua-aimseartha. Dúirt úsáideoir amháin go raibh “PS2 charm” ag an gcluiche agus go raibh “pretty solid core gameplay” ann, ach gur cheart praghas níos ísle a bheith air faoi láthair.
Tá moladh á fháil freisin as úsáid na Gaeilge sa chluiche. Tá ainmneacha na gcontaetha as Gaeilge agus úsáideadh an focal “Laochra” sa teideal mar chomhartha den teanga agus den chultúr Gaelach.