
Seoladh an aip shóisialta Cogar i mí Aibreáin 2026. Tá sí ar fáil anois ón App Store agus ar Google Play.
In ionad “postáil” agus “roinnt”, úsáidtear “cogarnaíl” agus “athchogarnaíl” chun comhrá a chothú i bpobail théamacha.
Is é Rónán Ó Laoire, ó Chogar Teicneolaíochta Teoranta, an t-aon fhorbróir atá ar an tionscadal. Ceadaíodh an teicneolaíocht ó Busy Little Pixels, comhlacht a dhíríonn ar theangacha mionlaigh.
Maíonn an t-aonad forbartha go bhfuil míle úsáideoir cláraithe acu cheana féin. Is é aidhm an tionscadail úsáid laethúil na Gaeilge a chothú trí “chomhráite bríocha” ar líne.
Tá An Páipéar ar fáil ar Cogar anois @anpaipear