Tír Chonaill faoi bhláth don chomórtas

Tá Comórtas Peile na Gaeltachta ag filleadh ar Dhún na nGall an deireadh seachtaine seo agus beidh Cill Charthaigh i gcroílár na féile peile, cultúir agus pobail agus na mílte ag déanamh a mbealach go Tír Chonaill do cheann de na hócáidí is mó i bhféilire na Gaeilge.

Tá foirne ó gach cearn den tír le bheith i láthair, idir fhoirne fear agus ban, agus beidh cluichí ar siúl i ngráid éagsúla i rith an deireadh seachtaine. Beidh neart suime ann go háirithe sna comórtais sinsir, agus roinnt de na clubanna Gaeltachta is láidre sa tír ag iarraidh corn a thabhairt leo abhaile.

Beidh na céadta imreoirí ag glacadh páirte sna cluichí éagsúla agus tá clár gnóthach imeachtaí leagtha amach ag lucht eagraithe an chomórtais idir spórt, ceol agus chultúr. Tá Cill Charthaigh ag ullmhú le fáilte a chur roimh shluaite móra agus atmaisféar speisialta le bheith sa cheantar ar feadh an deireadh seachtaine ar fad.

Ar ndóigh, ní bhaineann Comórtas Peile na Gaeltachta leis an pheil amháin. Beidh an Cailín Gaelach ar cheann de bhuaicphointí an deireadh seachtaine arís i mbliana agus beidh ionadaithe ó chlubanna éagsúla ag glacadh páirte ann san ollphuball oíche Dé Domhnaigh.

Chomh maith leis sin beidh neart imeachtaí cultúrtha eile ar siúl, idir cheol traidisiúnta, damhsaí, seisiúin agus imeachtaí teaghlaigh. Beidh imeachtaí agus gníomhaíochtaí éagsúla ann do dhaoine óga á reáchtáil ag Tuismitheoirí na Gaeltachta i rith an deireadh seachtaine, rud a chuirfidh go mór le hatmaisféar pobail agus teaghlaigh an chomórtais. Beidh scoth an cheoil san ollphuball gach oíche agus táthar ag súil go mbeidh atmaisféar den chéad scoth ann ó thús deireadh.

Ó thaobh na haimsire de, is cosúil go mbeidh meascán de bháisteach agus tréimhsí tirime againn, mar sin is fiú a bheith ullamh do gach saghas aimsire, mar is gnách i nDún na nGall!

Táthar ag tnúth le deireadh seachtaine iontach eile de Chomórtas Peile na Gaeltachta agus beidh clúdach cuimsitheach ar na cluichí, ar na himeachtaí agus ar an atmaisféar ar fad ar mheáin shóisialta An Páipéar (Instagram, X, Facebook, LinkedIn, agus an ceann nua as Gaeilge, Cogar) i rith an deireadh seachtaine, chomh maith le forlíonadh speisialta an tseachtain seo chugainn ag caitheamh súil siar ar imeachtaí uile an chomórtais.

Feicfidh méi gCill Charthaigh sibh!

Cóilín Duffy