Tionchchaire CLG Caolán Mac an Bhaird réidh don chomórtas

Cóilín Duffy

Bhí bliain mhór ag Caolán Mac an Bhaird le dhá mhí dhéag anuas, idir rath ar an bpáirc agus an tóir mhór atá bainte amach aige ar na meáin shóisialta, ach an deireadh seachtaine seo beidh a aird dírithe ar rud amháin, iarracht eile craobh shinsir Chomórtas Peile na Gaeltachta a bhuachan le Bhúlf Tón na Mí.

Is iad Bhúlf Tón na seaimpíní reatha i bpeil sinsir na bhfear tar éis dóibh an corn a ardú anuraidh i Ráth Chairn, agus beidh siad ar ais arís i gcomórtas na bliana seo i gCill Charthaigh, Tír Chonaill. Beidh cluiche mór rompu sa chéad bhabhta agus iad le tabhairt faoi fhoireann láidir na Rinne as Port Láirge.

Tá aithne ag go leor daoine anois ar Chaolán mar thionchaire agus cruthaitheoir ábhair ar líne, áit a mbíonn sé ag roinnt físeáin faoi CLG, aclaíocht, saol laethúil agus imeachtaí éagsúla lena lucht leanúna. Ach dar leis féin, tá áit ar leith ag Comórtas Peile na Gaeltachta i gcroílár an tsamhraidh.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!