700 leaba aimsithe agus gach rud réidh don chomórtas

Cóilín Duffy

Tá Cill Charthaigh agus pobal iardheisceart Dhún na nGall ag ullmhú do cheann de na hócáidí is mó i bhféilire na Gaeilge agus CLG an deireadh seachtaine seo agus Comórtas Peile na Gaeltachta á reáchtáil sa cheantar don chéad uair le blianta fada.

Ag labhairt di le An Páipéar, dúirt cathaoirleach an choiste áitiúil, Siobhán Nic Suibhne, gur pribhléid mhór di a bheith bainteach leis an gcomórtas, ach gur iarracht mhór phobail atá taobh thiar den obair ar fad.

“Is mór an onóir dom an ról seo a bheith agam,” a dúirt sí. “Ach ní mise amháin atá i gceist anseo. Tá thart ar 200 duine páirteach againn ag cur an deireadh seachtaine speisialta seo le chéile agus tá muid fíorbhuíoch de gach duine a thug a gcuid ama agus tacaíochta dúinn.”

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.