
Tá breithlá 100 bliain d’aois á cheiliúradh faoi láthair ag an bpearsa mór comhshaoil agus fiadhúlra David Attenborough. Tá aithne ag an saol mór ar an bhfear seo ón mBreatain a bhuíochas lena chláracha teilifíse. Ba mhór an moladh a thug sé uair amháin don éagsúlacht agus tailte portaigh na hÉireann ina chlár faisnéise BBC dar teideal Wild Isles.
Ag smaoineamh ar na cláracha sin, shocraigh mé an tseachtain seo cuairt a thabhairt ar Phortach Chlóirthigh i gContae Uíbh Fhaili. Tá Portach Chlóirthigh ar cheann de na portaigh ardaithe is tabhachtaí san Eoraip agus is é an sampla is mó atá fágtha den fhíorphortach ardaithe lár tíre. Léiríonn sé an chaoi a raibh tírdhreach an réigiúin seo le feiceáil uair amháin. Tharla athruithe sa phortach le 10,000 bliain anuas ach b’fhéidir gur sa 200 bliain deireannach a tharla na hathruithe is mó, nuair a bhí an mhóin á baint agus bóthar a chruthu tríd. Ó cuireadh bóthar isteach, tá an portach tar éis crapadh go mór. Ach cuireadh stop leis an gcrapadh, agus rinneadh iarrachtaí dáiríre é a shábháil sna 1970í. Tháinig borradh faoin tuiscint go raibh gá le caomhnú a dhéanamh ar ár dtailte portaigh.
Tacaíocht chiallmhar
Bhí mé bródúil as bheith ann chun tacaíocht a thabairt don tionscadal sa bhliain 1987 nuair a tháinig an tUachtarán Pádraig Ó hIrighile chuig Portach Chlóirthigh. Bhíos i mo mhac léinn sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, ag an am, bhí suim agam sa timpeallacht. Bhí an tUachtarán ann leis na héiceolaithe ón Isiltír, daoine cosúil le Matthijis Schouten. Éiceolaí agus bunaitheoir Fhondúireacht na hÍsiltíre um Chaomhnú Phortaigh na hÉireann ab ea Matthijis. Rinne an fear seo go leor oibre maidir le caomhnú agus chun oideachas a thabhairt dúinn mar gheall ar ár bportaigh.
Mar acmhainn oideachais agus turasóireachta níl sarú an phortaigh ardaithe mar éiceachóras nádúrtha le fáil in Éirinn. Tá spreagadh tugtha do dhaoine óga ó leibhéal na bunscoile suas go dtí an ollscoil theacht chun foghlaim faoin tírdreach uathúil seo a chaithfear a chosaint agus a athbheochan.
Gnáthóga sárluachmhara
Tá dathanna áille an tsamhraidh le feiceáil. Faoi láthair, tá na toir aitinn faoi bhláth lena mbláthanna buí órga agus boladh almóinne lúcháireach. Tá an ceannbhán lena chinn bhána chlúmhacha ag croitheadh sa ghaoth mhín álainn. Tá cairpéad de fhraoch corcra agus glas ag síneadh amach ar fud an tírdhreacha ar feadh na mílte. Tairgeann sé neachtar agus pailin atá iontach do na beacha, na leamhain agus na cuileoga. Is gnáthóg é freisin do go leor dár n-ainmhithe fiáine, feithidí agus éin. Bíonn niúit, snáthaidí móra, féileacáin, boilb agus froganna le feiceáil. Tá an t-aon reiptíl talún dúchasach in Éirinn fiú le feiceáil anseo.
Nuair a éisteann tú go cúramach cloisfidh tú an naoscach, caislín cloch, ceolaire sailí, riabhóg mhóna agus fuiseog. Tuairiscíodh cearc fhraoigh ó Phortach Chlóirthigh roimhe seo ach níor taifeadadh iad le blianta anuas. Deirtear go bhfuil an crotach chomh tearc le cearc fhraoigh na laethanta seo. D’ardaigh mo chroí le háthas nuair a chuala mé an chuach mar ní raibh sé sa tír seo le fada.
Seodra faoinár gcosa
Ós rud é go bhfuil tailte portaigh aigéadach, lag i mianraí agus báite, shamhlófa gur beag fás a bheadh ann, ach cabhraíonn Portach Chlóirthigh le héiceachóras iomlán uathúil agus meadhránach. Is é caonach sfagnaim príomhchuid Chlóirthigh agus tá samplaí eile ann a chuireann le feidhmiú éiceachórais Chlóirthigh. Ar ndóigh, bíonn breis agus dhá dhosaen sfagnam ag obair ar phortach ardaithe Éireannach ag aon am ar leith. Úsáidtear é le linn and Dara Cogadh Domhanda chun créachta a leigheas.
Bhí deis agam a bheith ag faire go géar ar an drúchtín cruinn duilleach agus dronuilleogach ag sú isteach feithidí. Gabhann siad feithidí ina nduilleoga greamaitheacha agus díleánn siad iad. Is deas an rud é go bhfuil clárchosán adhmaid lúbtha ann atá ciliméadar ar fad chun siúl air agus tá cláir eolais an bealach ar fad thart air.
Is minic a thugtar faraois bháistí na hÉireann ar na portaigh bheo seo a bhfuil fíorthabhacht leo i dtaca le bithéagsúlacht, rialú tuilte agus rialú astaíochtaí carbóin. Cé nach gclúdaíonn portaigh agus tailte móna ach 3% de dhromchla iomlán an domhain, meastar go stóralann siad 30% de charbón na hithreach agus a dhá oiread carbóin leis na foraoiseacha go léir atá ar domhan.
Tosach
Thosaigh portaigh ardaithe ag forbairt 10,000 bliain ó shin i logáin ina raibh lochanna éadoimhne, a bhí fágtha go hiondúil ag na hoighearshruthanna a bhí ag cúlú tar éis na hOighearaoise. Ag an am, bhí an talamh á níochán ag screamhuisce ilchothaitheach agus tharla coinníollacha anaeróbacha. Ar dtús forbraíonn sraitheanna giolcach ach éagann siad sin, tosaíonn a n-iarsmaí ag bailiú agus tagann eanach chun cinn de réir mar a thosaíonn móin eanaigh ag bailiú.
Tosaíonnn luachair, cíb, féara, luibheanna agus bláthanna fiáine, crainn agus toir ag fás, ag meath de réir mar a bhailíonn an mhóin. Éiríonn an tsraith móna eanaigh níos tibhe go dtí go mbíonn fréamacha na bplandaí atá ag fás ar an dromchla in ann teaghmháil a dhéanamh a thuilleadh leis an screamhuisce atá lán de chailciam. Uisce na báistí an t-aon fhoinse mianraí a bhíonn ag na plandaí anois, atá ar bheagán mianraí. Tosaíonn speicis portaigh ardaithe ar nós caonaigh sfagnaim ag teacht chun cinn agus ar deireadh thiar déantar portach ardaithe den eanach.
Anois, tá na mílte blianta fite fuaite i gcultúr agus i dtraidisiún na hÉireann. Tá na portaigh ríthabhactach chun dul i ngleic leis an athrú aeráide. Ceann de príomhtheachtaireachtaí atá ag an Uasal Attenborough le blianta is ea an bhail atá téamh na cruinne a fhágáil ar an nádúr agus go bhfuil an réiteach ag brath ar an gcine daonna. Ní mór dúinn uile éisteacht lena chomhairle.
Is múinteoir meánscoile, ealaíontóir, scríbhneoir agus staraí í Nuala Holloway a bhfuil BA, hDipEd, agus MA aici.