Deireadh leis an gCogadh Cathartha, an 24 Bealtaine 1923

An Dr Kerron Ó Luain

Ar an 24 Bealtaine 1923 ina cheann Foirne nua na nÓglach, Proinsias Mac Aogáin, an t-ordú d’aonaid frith-Chonartha airm a dhumpáil. Chuir sé seo deireadh leis na hionsaithe i gcoinne an tSaorstáit. Bhí brí áirithe leis an téarma “dumpáil”. Ní bhfaighfí réidh leis na hairm, ach chuirfí i bhfolach i láithreacha rúnda ar fud na tíre iad. D’fhéadfaí iad a úsáid sa todhchaí dá n-athródh cúrsaí.

Ghlac ceannairí na bPoblachtach leis nach mbeadh aon rath ann dá leanfaí ar aghaidh leis an gcogaíocht. Ar an lá céanna, dúirt Éamon de Valera le haonaid de chuid na nÓglach, ar ar ghlaoigh sé “Léigiún an Chúlgharda”, nach bhféadfaí an Phoblacht “a chosaint go rathúil a thuilleadh” tríd an lámh láidir.

Mhaígh de Valera gur “saothar amú” a mbeadh i dtuilleadh den íobairt agus “nach mbeadh ciall don náisiún” leanúint ar aghaidh leis an streachailt. Ghéill sé go gcaithfí an bua míleata a thabhairt “don am i láthair” dóibh siúd “a scrios an Phoblacht, agus go gcaithfí teacht ar bhealaí eile le cearta an náisiúin a chosaint.

Ní haon chath mór le rá a chuir deireadh leis an gcogadh. Chuir an Saorstát poblachtaigh go leor chun báis go mídhleathach le linn 1922 agus 1923, agus i ndiaidh bhás Liam Uí Loinsigh, a bhí ina Cheann Foirne ar na hÓglaigh, in Aibreán 1923 bhí an taobh frith-Chonartha lagaithe go mór. Bhí na Saorstátairí tar éis na láithreacha ina raibh na hÓglaigh i bhfolach nó ag coinneáil arm a aimsiú, agus ní raibh fágtha ach aonaid bheaga a bhí ag teitheadh.

Ba chaillteanas siombalach é bás Uí Loinsigh, a léirigh deireadh na nÓglach. Lámhachadh é i gCnoic Mhaoldomhnaigh agus é ag teitheadh ó thrúpaí an tSaorstáit. Nuair a cailleadh é ba bhuille láidir i gcoinne na frithbheartaíochta é. Tháinig Mac Aogáin i gcomharbas air agus bhailigh sé na hoifigigh a bhí fágtha chun deireadh a chur leis an gcogadh. 

Thairg de Valera cainteanna le Liam T Mac Cosgair, ceannaire an tSaorstáit, ach d’iarr sé go gcaithfeadh an Saorstát an Conradh i dtraipisí, rud nach raibh chun tarlú. D’fhill Mac Cosgair ar de Valera le coinníollacha go ngéillfeadh na hÓglaigh frith-Chonartha go hiomlán.

Ní raibh aon ghéilleadh foirmiúil ann agus níor tháinig deireadh leis an bhforéigean ar an bpointe. Lean an Saorstát ag cur daoine chun báis. Cuireadh Michael Murphy agus Joseph O’Rourke chun báis ar an 30 Bealtaine i dTuaim i nGaillimh i ndiaidh dóibh banc a robáil. Ba bhaill de na hÓglaigh iad, cé gur impigh siad ar na Saorstátairí gur deineadh an robáil de bharr aighneas a bhain le cúrsaí talún. 

I mí Iúil fuadaíodh Noel Lemass, deartháir le Seán Lemass, a bheadh ina Thaoiseach ar an stát ar ball. Ní bhfuarthas a chorp go dtí mí Dheireadh Fómhair 1923 i sléibhte Bhaile Átha Cliath. Meastar gur mharaigh an Rannóg um Imscrúdú Coiriúil é. 

Bhí neart príosúnaithe poblachtánacha i ngéibheann i gcaitheamh an tsamhraidh chomh maith, agus faoi mhí Dheireadh Fómhair chuaigh 7,000 acu ar stailc ocrais mar agóid i gcoinne a gcoinníollacha.

Buille tromchúiseach ab ea an Cogadh Cathartha i gcoinne na Poblachta a fógraíodh in 1916 agus arís sa Chlár Daonlathach in 1919. Frithréabhlóid a bhí ann dáiríre le tacaíocht na Breataine. D’fhorbair dhá stáitín sheicteacha as, atá iompaithe ina dhá stáitín nualiobrálacha ina dtugtar tús áite do lucht an rachmais seachas an chosmhuintir.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.