Sonraí faoi bhithéagsúlacht ghrinneall farraige na hÉireann ar fáil don phobal

Tá breis agus 650,000 taifead mara curtha ar fáil go poiblí den chéad uair ag Foras na Mara mar chuid de Sheachtain na Bithéagsúlachta 2026, i bhforbairt mhór a chuirfidh leis an taighde, leis an bpleanáil agus le cosaint chomhshaol na hÉireann sna blianta amach romhainn.

Tá an bunachar sonraí nua dírithe ar orgánaigh bheantacha, créatúir a mhaireann ar ghrinneall na farraige amháin, agus clúdaíonn sé tréimhse dhá bhliain déag idir 2012 agus 2024. Tá 650,304 orgánach aonair ó 2,529 speiceas éagsúil san áireamh ann, bailithe ó 4,415 imeacht samplála i ndobharcheantair chósta timpeall na tíre.

De réir Louise Healy, Oifigeach Eolaíochta agus Teicniúil san Éiceolaíocht Bheantach le Foras na Mara, is céim thábhachtach é seo chun bithéagsúlacht mhuirí na hÉireann a thuiscint agus a chosaint.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.