Léamhthuiscint: Léigh an sliocht thíos agus freagair na ceisteanna a leanas.

Grianghraf: Madhumanti Mandal
Is cathair mhór í Vancouver atá suite i ndeisceart Cheanada, agus tá níos mó daoine ina gcónaí anseo ná in aon cheantar eile sa tír.
Is cathair an-fholláin í Vancouver a chuireann beim ar an rothaíocht, siúl, lannrolláil agus fiú clárscátáil mar shlite taistil. Feicfidh tú a lán daoine proifisiúnta agus iad ar chlár scátála ar a mbealach chuig an oifig. Ta go leor cúirteanna leadóige, cispheile agus eitpheile ann freisin, agus tá cúpla linn snámha faoin aer ar fáil agus iad saor in aisce do gach duine. Tá go leor sléibhte sciála in aice le Vancouver. Ó mhí na Bealtaine go mí na Samhna bíonn siad ar oscailt do dhaoine chun dul ag siúl nó ag rothaíocht. Is féidir siúl suas agus ardaitheoir sciála a fháil anuas, nó in áiteanna eile, is féidir gondala a fháil go dtí an barr le do rothar agus rothaíocht anuas ar luas lasrach! Tá an-chuid eachtrannach ina gcónaí in Vancouver, go leor acu ó Éirinn, ach den chuid is mó is as an Áise dóibh. Tá níos mó bialanna Síneacha, Seapánacha agus Cóiréacha ann ná aon saghas bialainne eile.
Tá luach 10 cent ar gach buidéal gloine a bhailitear sa chathairi agus is minic a fheictear daoine gan dídean ag siúl timpeall ag bailiú buidéal ón trá agus na sráideanna. Nuair atá deich mbuidéal bailithe acu, tógann siad chuig ionad athchúrsála iad agus faigheann siad dollar ar ais.
Tá go leor tionscnaimh dheasa le feiceáil in Vancouver chun áthas a chur ar dhaoine. Ceann an-suimiúil is ea Keys to the Streets. Gach lá cuirtear cúpla piano ildaite in áiteanna poiblí timpeall na cathrach ar thránna, i bpáirceanna, agus ar na príomhshráideanna, agus is féidir le duine ar bith iad a sheinm saor in aisce don phobal
Ceisteanna buntuisceana
- Scríobh trí phíosa eolais faoin gcathair.
- Liostaigh trí áis sa chathair.
- Cá bhfuil Vancouver suite?
- Cad iad na slite taistil a bhfuil béim orthu in Vancouver?
- Cad is féidir le daoine a dhéanamh sna sléibhte sciála ó mhí na Bealtaine go mí na Samhna?
- Cad a dhéanann daoine leis na buidéil ghloine a bhailíonn siad?
- Cad é Keys to the Streets agus cén fáth a gcuirtear ar fáil é?