Caint indíreach leis an modh ordaitheach
Nuair a chuirimid briathar san aimsir chaite roimh bhriathar atá sa mhodh ordaitheach, ní mór an modh ordaitheach a athrú go hainm briathartha. Más ordú diúltach atá i gceist, ní mór an ná a athrú go gan
Féach na samplaí seo:
| Ordú | Caint indíreach |
| “Fan,” arsa an garda | Dúirt an garda leis fanacht |
| “Ná himigh go fóill,” arsa an garda | Dúirt an garda leis gan imeacht go fóill |
| “Tar chugam,” arsa an réiteoir | Dúirt an réiteoir léi teacht chuici |
| “Ná caith an sliotar,” arsa an réiteoir | Dúirt an réteoir léi gan an sliotar a chaitheamh |
| “Cabhraigh liom,” arsa Daid | D’iarr Daid orm cabhrú leis |
| “Ná hoscail an pota péinte sin,” arsa Daid | D’iarr Daid orm gan an pota péinte sin a oscailt |
| “Bígí múinte,” arsa an múinteoir leis an rang. | Dúirt an múinteoir leis an rang a bheith múinte |
| “Ná bígí dána,” arsa an múinteoir leis an rang | Dúirt an múinteoir leis an rang gan bheith dána |
Críochnaigh na habairtí seo:
- Ciceáil an liathróid – Dúirt an bainisteoir le hÚna ________________
- Ná déan calaois – Dúirt an bainisteoir le hÚna ___________________
- Glan do sheomra – Dúirt Mam le Pól ______________________
- Ná fág praiseach – Dúirt Mam le Pól ______________________
- Bí istigh go luath don scrúdú – Dúirt an múinteoir le Máire _________________
- Ná déan dearmad staidéar a dhéanamh – Dúirt an Múinteoir le Máire _____________
- Tabhar bia don chat – Dúirt mé le mo dheartháir ______________________
- Ná déan dearmad – Dúirt mé le mo dheartháir _________________________
- Féach cé atá ag an doras – Dúirt mo dheirfiúr liom ______________________
- Ná habair go bhfuil mé anseo – Dúirt mo dheirfiúr liom ____________________
- Deisigh an carr – Dúirt Siobhán leis an meicneoir _________________________
- Ná nigh an carr – Dúirt Siobhán leis an meicneoir __________________________