
Má tá géarchéim na hola ag eascairt ó chogadh Mheiriceá leis an Iaráin ina hábhar buartha dúinn faoi láthair, agus tá, nach mó an fhadhb agus na deacrachtaí do theaghlaigh íoc as teas ina gcuid tithe faoin ngeimhreadh?
Is cosúil nár éirigh leis an rialtas mórán buíochais a fháil as an bpacáiste a thug siad isteach le cabhrú le hardú phraghas na hola. Sea, fuair lastóirí, conraitheoirí talmhaíochta agus feirmeoirí tacaíocht airithe, ach, mar a dúirt an freasúra sa Dáil, ní raibh tada ann don ghnáthshealbhóir tí.
Ní fháiltíonn an dream fairsing seo roimh an ardú ar praghas peitril nó díosail, ach níl siad ciaptha ag na harduithe sin, mar atá lastóirí, ach ag ardchostas breosla teasa dá dtithe.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!