Coimisiún na Meán ag fiosrú Meta faoi Facebook agus Instagram i leith sáruithe féideartha ar dhlí an AE

Tá dhá fhiosrúchán fhoirmiúla nua tosaithe ag Coimisiún na Meán ar Meta, úinéir Facebook agus Instagram, i ndáil le sáruithe amhrasta ar rialacha an Aontais Eorpaigh maidir le cearta úsáideoirí ar líne agus trédhearcacht córas moltaí.

D’fhógair foireann fiosrúchán an Choimisiúin Dé Máirt go ndéanfar scrúdú ar chomhlíonadh Airteagal 27 agus Airteagal 25 de Ghníomh an Aontais Eorpaigh um Sheirbhísí Digiteacha (DSA), go háirithe maidir leis an dóigh a gcuireann Meta roghanna fothaí ar fáil d’úsáideoirí.

Is é príomhcheist na bhfiosrúchán an bhfuil sé éasca go leor ag úsáideoirí Facebook agus Instagram fotha nach bhfuil bunaithe ar phróifíliú pearsanta a roghnú, is é sin, fotha nach mbraitheann ar a gcuid sonraí, a gcuid gníomhaíochtaí ná a gcuid nósanna ar líne chun ábhar a roghnú dóibh.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!