Le marú Yves Sakila ar Shráid Anraí an tseachtain seo caite is léir gur gá breathnú ar na comhlachtaí slándála. Is uafásach an bealach ar maraíodh é, mar a d’fheicfeá i gcás póilíní i Meiriceá. Ar a laghad ní comhartha é ar chiníochas institiúideach. Ach tá ceisteanna le freagairt. 

An raibh, mar shampla, grinnfhiosrúchán déanta ag na gardaí ar an lucht slándála?  Cén saghas oiliúna a fuair siad? An raibh aon fhadhbanna leo roimhe seo. De réir dlí ní ceadmhach ach fórsa atá ag teastáil a úsáid agus duine á ghabháil, agus ní níos mó. Cinnte, ní ceadmhach fórsa mairfeach a úsáid.

Má bhí oiliúint san ealaín chomhraic acu bheadh a fhios acu conas fórsa a úsáid gan duine a ghortú ná a mharú. I ndeireadh na dála is iad na fir shlándála sin atá freagrach as a ngníomhaíochtaí féin. Ba chóir go mbeadh siad os comhair na cúirte chun freagracht a ghlacadh as an marú seo.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.