Tá eitleán seanré de chuid Aer Lingus tar éis an chéad eitilt riamh de chuid na haerlíne a athchruthú an tseachtain seo, agus an t-eitleán stairiúil Iolar ag taisteal ó Bhaile Átha Cliath go Bristó díreach 90 bliain tar éis an chéad aistir in 1936. Bhí béim ar leith ar an nGaeilge ag an seoladh bunaidh sin, nuair a cuireadh Aer Lingus Teoranta os comhair an phobail mar aerlíne nua náisiúnta na hÉireann.
D’éirigh an de Havilland Dragon as Aerfort Weston i mBaile Átha Cliath ar 10.16 maidin Dé Ceadaoin seo caite agus thug sé aghaidh ar Bhristó i Sasana, an bealach céanna a ghlac an chéad eitilt Aer Lingus ar an 27 Bealtaine 1936. Ní raibh ach cúigear paisinéirí ar bord na chéad eitilte sin agus sé shuíochán san eitleán beag ag an am. Tugadh “Iolar” ar an aerárthach, ainm Gaeilge a léirigh an nasc idir an chomhlacht nua agus féiniúlacht na tíre.
Ag tagairt don lá stairiúil in 1936, dúradh gur deineadh “ceiliúradh mór” ar sheoladh na haerlíne agus gur úsáideadh an Ghaeilge go lárnach mar chuid den ócáid. Bhí Seán Ó Muimhneacháin, an chéad cathaoirleach bhord na haerlíne, i measc na ndaoine a thug óráidí i nGaeilge amháin ag an seoladh sin, rud a léirigh an tábhacht a bhain leis an teanga i bhfís luath Aer Lingus.