Cóilín Duffy
Beidh Féile na Meán Ceilteach 2026 ar siúl i mBéal Feirste an tseachtain seo, ón 2 go dtí an 4 Meitheamh, agus beidh béim mhór ar an nGaeilge, ar chraoltóireacht na Gaeilge agus ar chruthaitheoirí Éireannacha i gclár fairsing na féile. Tiocfaidh na céadta toscairí ó thíortha Ceilteacha éagsúla le chéile sa chathair don imeacht bliantúil, a thabharfaidh daoine ó shaol na teilifíse, na raidió, na bpodchraoltaí agus na meán digiteach le chéile.
Cuirfear tús leis an bhféile Dé Máirt le turas bus oscailte timpeall Bhéal Feirste agus fáiltiú oifigiúil do rannpháirtithe na féile. Ina dhiaidh sin, beidh réimse leathan painéal agus díospóireachtaí ar siúl faoi thodhchaí na meán sna tíortha Ceilteacha.
Beidh spéis ar leith ag lucht na Gaeilge sa seisiún “Cothromaíocht”, a dhíreoidh ar an dúshlán a bhaineann le tionscal meán inbhuanaithe a chruthú taobh amuigh de phríomhchathracha móra. Déanfar plé ann ar an tábhacht a bhaineann le pobail Ghaeltachta agus le léiriúcháin réigiúnacha i saol na meán in Éirinn agus sna tíortha Ceilteacha eile.
Beidh an Chultúrlann i gcroílár na féile freisin agus beidh cóisir oscailte na féile ar siúl ann oíche Dé Máirt, le tacaíocht ó Paper Owl Films.
Dé Céadaoin, beidh RTÉ lárnach i gclár na féile agus seisiún speisialta “RTÉ 100” ar siúl agus an craoltóir náisiúnta ag druidim le céad bliain ó bunaíodh é. Ina dhiaidh sin, beidh fáiltiú speisialta deochanna ar siúl mar chuid de cheiliúradh RTÉ ar stair agus ar thodhchaí na craoltóireachta in Éirinn.
Beidh suim mhór freisin sa seisiún “From Copenhagen to Connemara”, ina mbeidh an stiúrthóir Nikolaj Feifer ag caint faoin obair a rinne sé ar léiriúcháin Ghaeilge agus faoin gcaoi a bhfaigheann sé “rithim” scéil i dteanga nach bhfuil aige féin.
Déardaoin, beidh ceann de bhuaicphointí na féile ar siúl nuair a bheidh comhrá poiblí idir Lisa McGee, cruthaitheoir Derry Girls, agus Miriam O’Callaghan. Tacóidh Ciste Meán an Oileáin Chomhroinnte de chuid Choimisiún na Meán leis an ócáid sin.
Ar feadh na trí lá, beidh searmanais ghradaim Torc ar siúl, áit a mbronnfar duaiseanna ar na cláir agus ar na léirithe is fearr sna meáin Cheilteacha. I measc na gcatagóirí a bhronnfar gradaim iontu beidh cúrsaí reatha, cláir spóirt, cláir faisnéise, greann, ceol agus gearrfhoirmeacha. Beidh ionadaíocht láidir Éireannach agus Ghaeilge i measc na n-ainmniúchán i mbliana.
Críochnóidh Féile na Meán Ceilteach 2026 oíche Déardaoin le mórshearmanas gradam agus cóisir sa Empire Music Hall i mBéal Feirste.
Beidh An Páipéar i láthair ag an bhféile agus beidh clúdach cuimsitheach againn ar na meáin shóisialta agus in eagrán na seachtaine seo chugainn.