Ceapacháin nua fógartha ag Údarás na Gaeltachta

Ruairí Ó hAilín (Cheannaire ar Fhostaíocht agus Nuálaíocht Údaras na Gaeltachta) agus Sadhbh Ní Ógáin (Bhainisteoir Gnóthaí Straitéiseacha Údaras na Gaeltachta).
Grianghraif: Martina Regan

Tá dhá cheapachán nua fógartha ag Údarás na Gaeltachta, agus beidh róil thábhachtacha ag Ruairí Ó hAilín agus Sadhbh Ní Ógáin i bhforbairt straitéiseach agus eacnamaíoch na Gaeltachta amach anseo.

Ceapadh Ruairí Ó hAilín mar Cheannaire ar Fhostaíocht agus Nuálaíocht leis an eagraíocht. Tá taithí fhairsing aige i gcúrsaí fiontraíochta, nuálaíochta agus teicneolaíochta, agus tagann sé chuig an ról nua ó Fiontraíocht Éireann, áit ar chaith sé seal mar bhainisteoir ar fhoireann a bhí ag obair le cliaint-chomhlachtaí chun a gcuid oibríochtaí a fheabhsú. Bhí béim ar leith ina chuid oibre ar úsáid na teicneolaíochta digití, ar nuálaíocht phróisis agus ar oiliúint foirne.

Sular ghlac sé leis an ról sin bhí Ruairí páirteach i gcúrsaí taighde agus forbartha san earnáil teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide, agus chaith sé dhá bhliain déag ag obair mar innealtóir le comhlachtaí idirnáisiúnta ar fud Mheiriceá agus na hEorpa. Léiríonn na gradaim a bhronn Fiontraíocht Éireann air in 2023, 2024 agus 2025 an t-aitheantas atá bainte amach aige i réimse na nuálaíochta.

Tá nasc pearsanta láidir aige leis an nGaeilge chomh maith. Bhí sé mar chathaoirleach ar bhord bainistíochta Ghaelscoil na Lochanna ar feadh ocht mbliana. Dúirt sé go bhfuil sé “ag tnúth go mór leis an dúshlán seo” agus go mbeidh sé ag úsáid a thaithí náisiúnta chun cur le forbairt eacnamaíochta agus le rathúlacht na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Idir an dá linn, ceapadh Sadhbh Ní Ógáin mar Bhainisteoir Gnóthaí Straitéiseacha leis an Údarás. Tá MSc i nGnó agus i dTeicneolaíocht an Eolais aici ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, agus tá taithí fhada aici i bpleanáil straitéiseach, i rialachas corparáideach agus i bhforbairt eagraíochtúil.

Chaith sí breis agus 13 bliana ag obair le Foras na Gaeilge, áit ar threoraigh sí mórthionscadail straitéise amhail Treo Straitéiseach 2020–2025 agus an Plean Corparáideach 2023–2025. Ina dhiaidh sin, d’oibrigh sí mar chomhairleoir neamhspleách le heagraíochtaí Gaeilge, leis an earnáil phoiblí agus le grúpaí pobail ar thionscadail rialachais agus forbartha gnó. Bhí sí fostaithe freisin mar Oifigeach Forbartha Gaeilge le Comhairle Contae Uíbh Fhailí.

Is as Contae Chill Mhantáin ó dhúchas di agus is iníon í leis an scoláire béaloidis agus scríbhneoir clúiteach Dáithí Ó hÓgáin. Dúirt sí go bhfuil sí “tiomanta do thacú le misean an Údaráis ar son phobail na Gaeltachta agus na Gaeilge.”

Chuir Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Síocháin, fáilte roimh an mbeirt, ag rá go gcuirfidh a saineolas go mór le cumas na heagraíochta a misean a chur i gcrích ar son phobail na Gaeltachta.