Fear ó Na Forbarcha le feiceáil ar Love Island i mbliana

Cóilín Duffy

Tá sé deimhnithe anois go mbeidh fear ó Na Forbarcha, Seán Fitzgerald, mar chuid den tsraith nua de Love Island, a chuirfear ar an aer ar an 1 Meitheamh ar Virgin Media Two, Virgin Media Play, UTV, ITV agus ITV X.

Tá an peileadóir iomráiteach as Gaillimh, atá 25 bliain d’aois, tar éis tarraingt siar ó phainéal sinsir peile na Gaillimhe le seachtainí beaga anuas i ndiaidh ráflaí a cheangail é leis an gclár réaltachta móréilimh. Chaill Fitzgerald cluiche ceannais Chonnacht i gcoinne Ros Comáin agus ní bheidh sé ar fáil anois d’iarracht na Gaillimhe Craobh na hÉireann a bhuachan den chéad uair ó 2001.

Is imreoir lánchúlaí é Fitzgerald le foireann na Gaillimhe agus Bearna agus tá sé fostaithe mar mhúinteoir bunscoile i mBaile Átha Cliath. Chomh maith leis sin, tá cáil mhór bainte amach aige ar na meáin shóisialta, go háirithe ar TikTok, áit a bhfuil beagnach 100,000 leantóir aige agus na milliúin is maith liom ar a chuid físeán.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.