Cathal Ó Murchú

Tá eipidéim den víreas Ebola faoi lánseol i lár na hAfraice faoi láthair agus meastar go bhfuil breis is 267 duine básaithe de dheasca an víris mharfaigh seo, agus creidtear go bhfuil breis is míle eile tar éis an galar a thógáil. Tá an ráig seo dearbhaithe ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte. Is iad na háiteanna is mó atá buailte an ráig seo oirthear an Chongó sna cúigí Ituri, Kiva Thuaidh agus Kiva Theas in aice le Ceantar na Lochanna agus in aice leis an mBurúin, Ruanda agus Uganda, na háiteanna céanna ina bhfuil cogaíocht fhíochmhar ar siúl ar feadh breis is tríocha bliain, cogaí ina bhfuair na milliúin bás ach nach luaitear riamh. Ní chabhraíonn cogaíocht le smacht eipidéime riamh.

Is víreas thar a bheith contúirteach agus marfach é Ebola a mbaineann ráta báis idir 40% agus 90% leis, ag brath ar thréithchineál an víris. Is é Aan tréithchineál Ebola a bhaineann leis an ráig reatha seo ná Víreas Ebola Bundibugyo, a bhfuil ráta báis 50% ag baint leis. Níl vaicsín ann don tréithchineál seo. Ainmníodh an treithchineál áirithe as cúige in Uganda as ar eascair sé ar dtús in 2007. Baineann básmhaireacht na n-othar a nglacann an galar seo le sláinte agus leis an gcumas teacht ar chóir leighis chuí nuair is gá. Tá limistéir mhóra san Afraic nach bhfuil seirbhísí sláinte ar fáil agus dá bhrí sin faigheann neart othar bás, go háirithe iad siúd nach bhfuil aon taifead orthu.

Meastar go scaiptear an víreas seo trí shreabháin choirp agus go ngoileann sé ar dhaoine agus ar phríomhaigh, moncaithe mar shampla. Níl aon chás cruthaithe gur scaip sé ó phríomhaigh go daoine. Tá cásanna cruthaithe gur scaip sé ó ialtóga torthaí go daoine. Is iad siomptóim an ghalair fiabhras, screadamán nimhneach, pianta matáin agus tinneas cinn ar dtús, agus ansin leanann urlacan, buinneach, mífheidhmiú heipiteach agus duánach ina dhiaidh sin. Go minic tagann bás ag an deireadh.

Go stairiúil baineann an galar seo leis an Afraic fho-Shahárach agus bíonn buairt ann i gcónaí go bhféadfadh ráigeanna briseadh amach i gcodanna eile den domhan mar gheall ar mharfacht an ghalair. Tuairiscíodh Ebola den chéad uair in 1976, agus bhris an ráig ba mhór riamh amach in iarthar na hAfraice idir 2013 agus 2016.

Mar nós imeachta leighis déantar aonarú iomlán ar an othar, fiú tréimhse shuntasach tar éis don othar a bheith ar fhónamh.  Má fhaigheann an t-othar bás créamtar an corp nó déantar é a dhianadhlacadh. Is iad othair a fhaigheann cúram leighis láithreach agus a ghlacann le athuisciú infhéitheach a bhíonn na torthaí is fearr acu.