Ionsaí smachtíní póilíní Bascacha ar iarchimí arm Iosrael

Diarmuid Breatnach

Bhí alltacht ar dhaoine sa stát Spáinneach agus in áiteanna eile mar gheall ar fhíseán a thaispeánann baill den Ertzaintza, fórsa póilíní Réigiún Uathrialach na mBascach, ag ionsaí le smachtíní baill de chabhlachán Sumud tar éis d’Fhórsaí Cosanta Iosrael iad a scaoileadh agus a dhíbirt.

Taispeánann gearrthóg físe baill den chabhlachán ag teacht isteach go hAerfort Bilbao in Loiu, cuid acu gléasta fós in éide phríosúin Iosraeil tar éis a gcuid éadaí féin a bheith bainte díobh ag Arm Iosrael, agus slua cairde, gaolta agus lucht tacaíochta ag fanacht le fáilte a chur rompu. Stop na baill nóiméad le haghaidh grianghraf agus an chosúlacht ar roinnt ball den Ertzaintza go raibh siad ag iarraidh na hiarchimí a bhrú ar shiúl óna ngrúpa fáilte, ach tá lucht Sumud ag iarraidh fanacht nóiméad. Thosaigh baill den fhórsa póilíní á mbrú agus rith duine de lucht Sumud i dtreo an tslua fáilte. Tharraing póilín siar é, nocht na póilíní eile a gcuid smachtíní agus thosaigh siad ag bualadh lucht Sumud, á dtarraingt ar an urlár agus screadaíl na ndaoine agus na bhfinnéithe le cloisteáil. 

Craoladh an físeán ar chlár nuachta Orain de chuid EITB (stáisiún teilifíse Réigiún na mBascach) agus ba léir an mearbhall a bhí ar an tráchtaire faoi chúis iompair na bpóilíní.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!