Roghnaíodh an giúiré ag tús na seachtaine sa chás atá ar siúl amach ar an Iúr

Cuireadh an giúiré faoi mhionn i gcás iar-Cheannaire an Pháirtí Aontachtaigh Dhaonlathaigh, Jeffery Donaldson, agus é os comhair na cúirte ar chúiseamh a bhaineann le mí-úsáid ghnéis a líomhnaíodh.
Phléadáil Donaldson neamhchiontach sna 18 gcúiseamh, lena n-áirítear éigniú.
Tá a bhean chéile, Eleanor Donaldson, ar thriail ar fhíricí le 5 chúiseamh a bhaineann le cabhrú agus neartú, rud a shéanann sí féin fosta.
Ní raibh Eleanor Donaldson sa chúirt, ach bhí a dlíodóirí ann thar a ceann.
Gabhadh Jeffery agus Eleanor Donaldson ina dteach i gCo. an Dúin agus cúisíodh iad ar an 28 Márta 2024.
D’éirigh Jeffery Donaldson as a ról mar cheannaire ar an Pháirtí Aontachtach Dhaonlathach an lá ina dhiaidh sin agus níor sheas sé sa toghchán ag an chéad olltoghchán eile 4 mhí ina dhiaidh sin.
Tá cúiseamh d’éigniú, ceithre chúiseamh de ró-mhígheanas, agus 13 chúiseamh d’ionsaí mígheanasach os comhair Jeffery Donaldson.
Maíodh gur tharla na cionta idir 1987 agus 2008.
Cuireadh an cás ar athlá faoi dhó anuraidh mar gheall ar shláinte Eleanor Donaldson.
Dhearbhaigh an Breitheamh Paul Ramsey go raibh Eleanor Donaldson neamhábalta don triail faoin Ordú um Shláinte Mheabhrach.
ní ghlacfaidh sí páirt in imeachtaí na trialach ar fhíricí agus ní féidir leis an chúirt í a chiontú, ach is féidir leis an ghiúiré cinneadh a dhéanamh an ndearna sí na cionta nó is féidir leo í a éigiontú.
Ní féidir an bheirt íospartach a mhaítear sa chás a ainmniú sna meáin agus tá cosaint dhlíthiúil acu le nach n-ainmneofar iad. Faoin dlí sna sé chontae ní féidir rud ar bith a fhoilsiú a thabharfadh le fios cé iad na híospartaigh i gcásanna a bhaineann le cionta gnéis, agus maireann an chosaint seo ar feadh 25 bliain i ndiaidh bhás an íospartaigh.
Cuireadh tús le cás an ionchúisimh sa Chúirt Chorónach ar an Iúr Dé Chéadaoin agus táthar ag dréim go mairfidh an cás ar feadh 3 nó 4 seachtaine.